11 Aibreán 2012

anraith neantóg (feoilséantach)



Ag bruith sa phota: neantóga, slis mhaith oinniúin, dornán min coirce, salann, im, agus uisce. Anraith neoiliteach a bheadh ann dá gcuirfí creamh ann i leaba an oinniúin. Agus anraith vegan a bheadh ann dá mbainfí úsáid as ola in áit ime.



An t-anraith tar éis é a chur tríd an gcumascóir: blasta, séasúrach, agus an-sláintiúil!

9 comments:

  1. Níor ith mé riamh é, ach bainfidh mé triail as, ceann de na laethanta seo..:-)

    ReplyDelete
  2. Bain an chuid uachtarach den neantóg le haghaidh an anraith. Is féidir práta nó dhó a úsáid i leaba na mine coirce, ach is fearr liom síodúlacht na mine coirce, agus tá sí níos sláintiúla freisin.

    ReplyDelete
  3. An féidir creamh a úsáid? A lán de sa choillín in aice liom.

    Cé mhéid neantóg & rl atá de dhíth?

    ReplyDelete
  4. Is féidir! Bheadh anraith fíor-ársa agat mar sin, ó nach raibh oinniúin acu sa mheánaois. Ní fhásann an creamh sna bólaí seo. Níl a fhios agam cén fáth. Tá an aeráid anseo an-chosúil le haeráid na hÉireann, ach go mbíonn an samhradh anseo níos tirime de ghnáth. Thug mé iarracht ar iad a chur ag fás, ach níl éirigh liom.

    Cé mhéad? Tá sé deacair a rá. Caithfidh mé imeacht anois, ach beidh mé ar ais le freagra níos déanaí.

    ReplyDelete
  5. an t-oideas:

    pionta neantóg (duilleoga úra, nite agus beagán brúite síos)
    leathchupán min choirce
    slis onniúin
    spúnóg im
    salann
    uisce

    Frioch an t-oinniún gearrtha, an mhin choirce agus t-im le chéile i bpota go dtí go mbeidh an t-oinniún bog. Cuir na duilleoga, an salann agus t-uisce ann agus bruigh 15-20 nóiméad. Cuir tríd an gcumascóir é. Et voilà.

    Nod leat: níl aon chuid den oideas seo greanta i gcloch!!!

    ReplyDelete
  6. Maith agat.

    Meabhraigh dom - pionta SAM - ní ionann agus pionta abhus, nach ea? (An córas SI in úsáid agamsa pé scéal é!)

    Agus maidir le creamh a úsáid - na duilleoga nó na bleibeanna?

    ReplyDelete
  7. Cibé pionta atá agat. Ní tomhas cruinn atá i gceist agam anseo. Ní innealtóireacht é seo. Maidir leis an gcreamh, an rud ar fad, mura bhfuil sé an-mhór.

    ReplyDelete
  8. Ní innealtóireacht é seo.

    Tuigim. Ach is innealtóir mé, fiú sa chistin ;-)

    ReplyDelete
  9. Is cuma fá bhlas an tsú, is é méid an phláta an rud is tábhachtaí ha

    ReplyDelete