
Thóg mé an pictiúr seo aréir nuair a bhí an lá ag diúltadh dá sholas.
Agus na cinn seo, thóg mé ar maidin iad ón deic -- an deic chéanna a bhfuil an water feature uirthi. Bhí an créatúr suite ar an tsnaidhm mhór sa saileach shilte seo mar a bhfuil trí chraobh táite le chéile.
racún?
ReplyDeleteBingo! Ceann sách mór freisin.
ReplyDeleteBaswn i wedi deud mai súile Branwen oedden nhw. ;)
ReplyDeleteOh, phooey. Blodeuwedd, nid Branwen!
ReplyDeleteBlodeuwedd? O! Tuigim anois! Chuir Gwydion i riocht ulchabháin í tar éis di feall a imirt ar a fear.
ReplyDeleteNí Suibhne atá ann?
ReplyDeleteSin míniú maith eile! Sweeny a bheas agam air amach anseo. Thaithigh sé an crann sin an samhradh seo caite freisin. Tá sé níos mó i mbliana. Tá cuma bheathaithe air!
ReplyDeleteBruscar folláin a bhíonn ar fáil ag do theachsa, is dócha.
ReplyDeleteGan trácht ar na héisc órga sa linn bheag sa chlós!
ReplyDeleteThis comment has been removed by the author.
ReplyDelete