02 Meitheamh 2009

an chorann Cheilteach


 
Tá an íomhá daite seo le feiceáil sa Book of Durrow.  Creideann a lán scoláirí gurb í an chorann Cheilteach, nó Éireannach, atá ar an bhfear seo.  Gearrtaí an ghruaig ó chluais go cluais le go mbíodh leath den bhlaosc maol.  Gruaig fhada a bhí ar an gcuid eile den cheann.  Deirtear uaireanta go raibh an chorann chéanna ar na draoithe roimh theacht na Críostaíochta go hÉirinn.

6 comments:

  1. Fíor-spéisiúil, nár chaith siad a lán ama agus fuinnimh á bearradh is a cíoradh chun an cruth sin a chur air agus a choimeád.

    ReplyDelete
  2. Ní mé an raibh an cleas a bhí ag Gaill na Fraince (les Gaulois) ar eolas acu? D'fholc siadsan a gcuid gruaige le haol agus uisce le go mbeadh sí fionn agus ramhar.

    ReplyDelete
  3. An raibh stíl gruaige do gach uile aicme in Éirinn ag an am?
    Bhí stíl ar leith ag na filí, de réir dealraimh, leis an ngruaig go léir ar lár an chloiginn bearrtha agus an ghruaig ar thaobhanna an chloiginn fágtha mar atá.
    Tá sé le feiceáil i bpictiúr an tSasanaigh John Derricke

    ReplyDelete
  4. Tá an diabhal sna focail "ag an am". Scríobhadh Codex Durmachensis / Book of Durrow sa dara leath den 6ú haois. Foilsíodh _The Image of Irelande_ le Derricke sa bhliain 1581. An é an pictiúr den dinnéar al fresco leis na "bragitóirí" ar thaobh amháin atá i gceist agat? Is pearsana eaglaise iad an bheirt a bhfuil an chorann Rómhánach orthu sa phictiúr sin, ní filí. Tugann Derricke "fryer smelfeast" ar an bhfear atá ina sheasamh taobh thiar den tiarna agus a bhean!

    ReplyDelete
  5. Na tálchinn arís.

    Tá nós úd an aol luaite leis na Sean ghael de réir mo thuiscint, ach ní cuimhin liom an foinse.

    Maidir le goile na mbráthair, b'eol dóibh nach mbeadh siad beo ar na briathra amháin.

    ReplyDelete
  6. Ní chuimhin liom cén leabhar ar léigh mé é, ach thug sé le fios go raibh an duine sin (fryer smelfeast) atá go díreach thaobh thiar den Mac Suibhne ina Fhile.
    Is Bard mo dhuine -dar leis an údair seo- atá os a chomhair ag insint dán .i. an fear a insíonn saothair an fhile

    ReplyDelete