02 Meitheamh 2009

Ó Cuindlis agus a chat arís

Ata in catt geal oc dul for foendhel uam.

Tá an cat geal ag dul ar strae uaim.

D'fhág Murchadh Ó Cuindlis nóta imill ag bun lch 164 sa Leabhar Breac a bhfuil trí chuid ann: dhá rann ar dtús, ceann ó dhán amháin agus ceann ó dhán eile, agus ansin an nóta pearsanta seo thuas. Tá baint ag na rannta le hábhar an nóta. Tá an chéad rann ar fáil anseo. Cuirfidh mé an dara ceann faoi bhur mbráid ar ball.

No comments:

Post a Comment