25 Meitheamh 2009

i.e.

Mar atá a fhios ag madraí a bhaile, is giorrúchán iad na litreacha i.e. a sheasann do id est (it is). Ba ghnách é seo a scríobh leis an nod .i. sna lámhscríbhinní, agus ed ón a rá.  Tá eadhon againn fós san fhoclóir, ar ndóigh, cé nach cuid de theanga an lae inniu é. I nGaeilge na hAlban, áfach, tá eadhon beo fós i gcaint na ndaoine. Úsáidtear é mórán mar a úsáidtear an focal even i mBéarla:

Bha an t-iasg eadhon na bu phailte (fairsing) na an fheòil.

Bha iad ro lag eadhon airson èirigh.

Pé scéal é, tá Sanas Cormaic breac leis an nod seo!

9 comments:

  1. Is trua nach bhfuil suíomh faoi seo ann....sanascormaic.ie. ;-)

    ReplyDelete
  2. Tá an focal úd fós sa teanga scríofa. eadhon, eadhon.

    ReplyDelete
  3. Fuair google na samplaí deasa seo in acht a phléann le Cuid na Baintrí - baintreach agus cúrám Art Uí Ghríofa!

    ReplyDelete
  4. Maidir le húsáid an fhocail seo inniu, cén chaoi a ndeir tú féin é?

    ReplyDelete
  5. Ní dóigh liom go ndúirt mé riamh é, ach scríobhaim ó am go cheile é.

    Mar sin, is eagal liom nach bhfuil an bhfoghraíocht agam!

    ReplyDelete
  6. Deir an Foclóir Póca gur mar /a:(ǝ)n/ a fhuaimnítear é, .i. mar "án" nó "á-an".

    ReplyDelete
  7. An ag rá liom atá tú, a Shéamais, go bhfuil níos mó iontrálacha ó Shanas Cormaic ag teastáil uait? :-)

    ReplyDelete
  8. Is gaire do "ea-an" ná "á-an" an fhuaimniú san áit ar gá idirdhealú idir dhá fhuaim a d'fhéadfaí a bheith i gceist le /a:/ (níl 'fhios agam cén nós a leanann an Foclóir Póca ina leith sin). An "ea" céanna leis na h'ea'anna eile atá ann, nach ....?

    ReplyDelete
  9. Is é an nós atá san fhoclóir sin ná idirdhealú a dhéanamh ar 'á' ar lámh amháin agus 'a / ea' ar an lámh eile:

    "fearr" /f’a:r/
    "fear" /f’ar/

    Ach ní dhéantar aon idirdhealú ar 'ea' agus 'a':

    "eala" /alǝ/
    "ala (na huaire) /alǝ/

    Níl a fhios agam cén fáth.

    ReplyDelete