“Cén chaoi ar féidir liom síocháin inmheánach a fháil, a Mháistir?”
“Caithfidh tú na rudaí go léir a thosaigh tú agus nár chríochnaigh tú riamh a chríochnú.”
Chuaigh mé abhaile. Chaith mé súil máguaird. Ansin chríochnaigh mé leathbhuidéal Albariño, an Calvados a bhí fágtha i mbuidéal eile, chorizo nach raibh ach trian de ite cheana, mala cnónna pistéise, agus canta deas gruyère nach raibh caonach liath air fós. Bhí mé i bhfad níos suaimhní ina dhiaidh sin!
Céard atá le críochnú agaibhse?
This comment has been removed by the author.
ReplyDeleteMar a deirtear, ní chríochnaítear obair mná choíche is go deo.
ReplyDelete(Sin an post céanna a chuir mé suas thuas. Ach bhí mé fiosrach faoin cannaín bhruscair sin. Mar sin, bhrúigh mé an canna agus bhí an post imithe ag an ngaoth.)
Go raibh maith agat as triail a bhaint as an mbosca bruscair. Tá a fhios againn beirt anois cén fáth a bhfuil sé ann. :-) Níor thug mé faoi deara é roimhe seo.
ReplyDelete"Obair ó chrích, obair bean tí."
Is léir, ón méid a scríobh Liz thuas, go bhfuil na mná iad féin sách fiosrach faoi chnaipí agus a n-úsáidí.:) Go deimhin, rinne mé féin an rud ceannann céanna agus mé ag foghlaim liom faoin mblagáil seo. Níl faitíos ar na mná na rudaí seo a admháil …
ReplyDeleteTá go leor le críochnú agam, a Dennis, mar aon le go leor daoine eile, agus is dócha gurb é sin a fáth a mbím de shíor ag tóraíocht …
Ní féidir liom aon rud a
ReplyDelete