14 Iúil 2011

ceann cait



Céard atá sa mhála? Ainmhí atá níos meabharaí ná an buachaill béal-leata atá air, a déarfainn.



Tá siad le feiceáil ar fud na háite, i bhfógraí a bhíonn de shíor ag tathant orainn éadaí nua a cheannach: fir óga áille a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil dada ar siúl taobh thiar dá súile.

6 comments:

  1. Nach do sin na grianghraif seo? (Is dócha go bhfuil na fir seo sách cliste chun a gclisteacht a cheilt agus glacadh leis an pá)

    Oibiachtú na bhFear óg, macasamhail dán na mná a bhí á phlé ag Neidí?

    ReplyDelete
  2. Oibiachtú na bhfear óg

    Sin agat é.

    ReplyDelete
  3. Tá an chéad ghrianghraf sin iontach cliste, a Dennis - maith thú!

    @ an chuma orthu nach bhfuil dada ar siúl taobh thiar dá súile.

    Ní bheinn róchinnte faoi sin, muise, mar is iomaí pingin a shaothraíonn a leithéid d'fhear óg..:-)

    ReplyDelete
  4. Tá an chéad ghrianghraf sin iontach cliste, a Dennis - maith thú!

    Le bheith soiléir: ní mise a thóg é. (Ní bhfaighfeá an mála sin sa teach seo, agus níl Michael chomh horáiste sin.) Níl a fhios agam an bhfuil aon photoshop ann, ach ní dóigh liom é.

    ReplyDelete
  5. "Le bheith soiléir: ní mise a thóg é."

    Feicim nach bhfuil tú i d'ábhar polaiteora!

    ReplyDelete
  6. Tá sé náireach - oibiachtú na gcat.

    ReplyDelete