Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. “Irish monks” a bhí mar theideal air, ach ní raibh aon eolas eile ceangailte leis.
Tá mé réasúnta cinnte gur macasamhail den chuid íochtarach den ardchros i Maoin (C. Chill Dara) atá ann:
Ach níl a fhios agam cá bhfuil an mhacasamhail le fáil! An bhfuil a fhios ag éinne?
Céard faoi cheist a chuir?
ReplyDeletehttp://www.flickr.com/photos/littleviking/1392707781/
Sea, tá's agam gurb í Little Viking a thóg an grianghraf. Chuir mé an cheist ar Old-Irish-L anois díreach, mar a bhfuil a lán daoine a bhfuil suim acu sna rudaí seo.
ReplyDeleteTá deis ar an suíomh sin rud éigin a rá faoin ghrianghraif. Sin a bhí i gceist agam.
ReplyDeleteTabharfaidh mé deis do na bleachtairí inár measc ar dtús.
ReplyDeleteChím gur cuid de bhailiúchán leis an ainm "Charlevoix" atá ann. N'fheadar bhfuil nod ansin.
ReplyDeletego raibh maith agat, tá tú tar éis cur i gcuimhne dom go bhfuil taispeántas spéisialta maidir le hardchrosanna ar siúl san iarsmalann agus táim ag iarraidh dul roimh dhúnann sé. Rachaidh mé ann amárach
ReplyDeleteSílim go bhfuil an tsamhail seo fairsing go leor ar ardchroiseanna trí chéile.
ReplyDeleteDéanaim amach gur na haspail atá ann. Tá dhá dhéag acu ann.
Fearn
Déanaim amach gur na haspail atá ann. Tá dhá dhéag acu ann.
ReplyDeleteSin é. Ach cé a snoigh an mhacasamhail nua seo? Agus cá bhfuil sí suite?? Ach is féidir nach bhfuil ann, tar éis an tsaoil, ach píosa beag.
Mar a dúirt Néidí:
ReplyDeletehttp://www.museum.ie/en/exhibition/irish-high-crosses.aspx
"Ach cé a snoigh an mhacasamhail nua seo? Agus cá bhfuil sí suite?? Ach is féidir nach bhfuil ann, tar éis an tsaoil, ach píosa beag. "
ReplyDeleteÁ! Tuigim duit. Díol úr ealaíne ar an seandéanamh atá ann, máisea? Monuar, níl fhios agam!
Fearn
@ níl fhios agam!
ReplyDeleteNá agamsa...
Hi,
ReplyDeleteThanks for your sharing your amazing thoughts by this pics. this is appreciating.