07 Iúil 2011

Cá bhfuil an mhacasamhail seo?


Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. “Irish monks” a bhí mar theideal air, ach ní raibh aon eolas eile ceangailte leis.


Tá mé réasúnta cinnte gur macasamhail den chuid íochtarach den ardchros i Maoin (C. Chill Dara) atá ann:


Ach níl a fhios agam cá bhfuil an mhacasamhail le fáil! An bhfuil a fhios ag éinne?

12 comments:

  1. Céard faoi cheist a chuir?
    http://www.flickr.com/photos/littleviking/1392707781/

    ReplyDelete
  2. Sea, tá's agam gurb í Little Viking a thóg an grianghraf. Chuir mé an cheist ar Old-Irish-L anois díreach, mar a bhfuil a lán daoine a bhfuil suim acu sna rudaí seo.

    ReplyDelete
  3. Tá deis ar an suíomh sin rud éigin a rá faoin ghrianghraif. Sin a bhí i gceist agam.

    ReplyDelete
  4. Tabharfaidh mé deis do na bleachtairí inár measc ar dtús.

    ReplyDelete
  5. Chím gur cuid de bhailiúchán leis an ainm "Charlevoix" atá ann. N'fheadar bhfuil nod ansin.

    ReplyDelete
  6. go raibh maith agat, tá tú tar éis cur i gcuimhne dom go bhfuil taispeántas spéisialta maidir le hardchrosanna ar siúl san iarsmalann agus táim ag iarraidh dul roimh dhúnann sé. Rachaidh mé ann amárach

    ReplyDelete
  7. Sílim go bhfuil an tsamhail seo fairsing go leor ar ardchroiseanna trí chéile.

    Déanaim amach gur na haspail atá ann. Tá dhá dhéag acu ann.

    Fearn

    ReplyDelete
  8. Déanaim amach gur na haspail atá ann. Tá dhá dhéag acu ann.

    Sin é. Ach cé a snoigh an mhacasamhail nua seo? Agus cá bhfuil sí suite?? Ach is féidir nach bhfuil ann, tar éis an tsaoil, ach píosa beag.

    ReplyDelete
  9. Mar a dúirt Néidí:

    http://www.museum.ie/en/exhibition/irish-high-crosses.aspx

    ReplyDelete
  10. "Ach cé a snoigh an mhacasamhail nua seo? Agus cá bhfuil sí suite?? Ach is féidir nach bhfuil ann, tar éis an tsaoil, ach píosa beag. "


    Á! Tuigim duit. Díol úr ealaíne ar an seandéanamh atá ann, máisea? Monuar, níl fhios agam!


    Fearn

    ReplyDelete
  11. @ níl fhios agam!

    Ná agamsa...

    ReplyDelete
  12. Hi,
    Thanks for your sharing your amazing thoughts by this pics. this is appreciating.

    ReplyDelete