07 Iúil 2011

Triúr: ón mBreatain go dtí an tSeapáin


Genii Cucullati
íomhá ón mBreatain Rómhánach
ca. 150-350


Triúr Jizō
íomhá ón tSeapáin
ca. 1550–1600

Is maith liom chomh cosúil agus atá an dá íomhá seo, a tháinig ó dhá cheann mhórchríoch na hEoráise. Scríobh mé cúpla focal ar na Genii Cucullati roimhe seo. Fuarthas an chéad íomhá thuas in Housesteads, Northumberland, in aice le Múr Hadrian. Scrín tí a bhí ann, de réir dealraimh.

Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō. Tá íomhánna de le feiceáil ar fud na tíre. Uaireanta taispeántar mar thriúr é. Is cosúil go raibh an smaoineamh céanna le fáil ó cheann ceann na hEoráise: tá cumhacht ar leith ag baint leis an uimhir trí. Tá dia triarach i bhfad níos fearr ná dia aonair!

5 comments:

  1. Macallaí na fírinne, gan amhras!

    ReplyDelete
  2. Tá míniú cultúrach agam ar an scéal, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  3. "Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō."

    Nach bhfuil teoiric amuigh gurbh ionann fealsúnacht de chuid Siddhārtha Gautama Buddha agus an Chríostaíocht agus gurbh é teagasc Buddha a bhí á scaipeadh ag an tseict Ghiúdach a chuirtí na hEiséanach orthu a raibh Eoin Baiste mar bhall inti?

    ReplyDelete
  4. Is maith liom stíl na Genii Cucullati. Cuireann siad lucht éisteachta Glastonbury i gcuimhne dom - féile cheoil a bhíonn fliuch fearthainneach i gcónaí.

    ReplyDelete