Dóibh siúd a bhfuil suim acu i mistéir na nod, seo giota eolais eile.
Tháinig mé trasna ar leagan neamhiondúil den nod a sheasann do ‘ur’ sa lámhscríbhinn RIA Dii 1, f. 121r. Tá sé cosúil le ‘a’ beag le heireaball an mhadra pug air, nó le comhartha na héigríche: ∞ .

murceartach
Bíonn an nod seo cosúil le tonnta nó le cnoic bheaga nó le nathair de ghnáth:
Seo sampla eile de. Tá cuid de íslitheach na litreach os a chionn ag rith isteach air.
No comments:
Post a Comment