Tá daoine ann nach bhfuil sásta leis an bpolasaí cánachais atá ag Mitt Romney maidir le “gnó mór”. D'fhreagair sé iad le linn ócáid stocaireachta dhá mhí ó shin mar seo:
“Is daoine corparáidí, a chara.”
Bhain sé úsáid as an líne chéanna arís mí ó shin. Chonaic mé an freagra is fearr ar an ráiteas sin greamaithe le carr arú inné:
“Creidfidh mé go bhfuil corparáidí ina ndaoine nuair a chuirfeas Texas ceann acu chun báis.”
Ar fheabhas :)
ReplyDeleteDaoine nó pearsan?
ReplyDeleteIs maith liom an fhreagra dála an scéil, i bhfianaise polaitíocht mo dhuine.,
“Daoine (people)” a dúirt sé, ní “pearsana (persons)”.
ReplyDeleteTuigim. Maith agat as an soiléiriú! Tuigim an dearcadh gur pearsana dlí iad a leithéidí, ach daoine ....
ReplyDeleteFreagra maith..:-)
ReplyDelete