06 Deireadh Fómhair 2011

corparáidí = daoine ?



Tá daoine ann nach bhfuil sásta leis an bpolasaí cánachais atá ag Mitt Romney maidir le “gnó mór”. D'fhreagair sé iad le linn ócáid stocaireachta dhá mhí ó shin mar seo:

“Is daoine corparáidí, a chara.”

Bhain sé úsáid as an líne chéanna arís mí ó shin. Chonaic mé an freagra is fearr ar an ráiteas sin greamaithe le carr arú inné:

“Creidfidh mé go bhfuil corparáidí ina ndaoine nuair a chuirfeas Texas ceann acu chun báis.”

5 comments:

  1. Daoine nó pearsan?

    Is maith liom an fhreagra dála an scéil, i bhfianaise polaitíocht mo dhuine.,

    ReplyDelete
  2. “Daoine (people)” a dúirt sé, ní “pearsana (persons)”.

    ReplyDelete
  3. Tuigim. Maith agat as an soiléiriú! Tuigim an dearcadh gur pearsana dlí iad a leithéidí, ach daoine ....

    ReplyDelete