24 Deireadh Fómhair 2011

dide do bhochtaibh



Ba dín do nochtaib.
Ba did do bochtaib.

Cé gur cumadh na línte seo tuairim is 1,4oo bliain ó shin, tá siad sothuigthe fós i nGaeilge an lae inniu gan ach athrú beag nó dhó:

Ba díon do nochtaibh é.
Ba dide do bhochtaibh é.

Gligín fógraíochta ón séú haois? Sluán polaitíochta? Cuid de fheachtas naomhainmnithe? Níl a fhios agam an raibh naomhainmniú oifigiúil ann ar chor ar bith ag an am sin, ach is rud mar sin a bhí ar intinn an rannaire a chum an píosa véarsaíochta seo.

Cuireann an gligín seo, scríofa san aimsir chaite mar atá sé, geilleagar na Gréige (suaimhneas síoraí dó) i gcuimhne dom.

5 comments:

  1. Cad as a dtagann sé?

    Nocht, bocht, dídean agus díon: téarmaí síor-eiseacha gan aon agó.

    ReplyDelete
  2. Tá sé as Amra Choluim Chille sa lámhscríbhinn Lebor na hUidre.

    ReplyDelete
  3. Liodán éigin, amhail na naoi ainm déag ar fhichead ag Machmad ar Dhia a scríobhadh taca an ama seo?


    Fearn

    ReplyDelete
  4. hoips!

    naoi ainm déag ar ceithre fhichead!!


    Fearn

    ReplyDelete