
An tAthair Shawn Ratigan
... agus an t-easpag a chosain é:

An tEaspag Robert Finn
Tá an scéal ar fad le léamh anseo ar an New York Times, agus níos mó ar an gKansas City Star. Is cosúil go raibh i bhfad níos mó suime acu beirt i gcearta na leanaí nár saolaíodh fós ná i leas na leanaí (na girseacha sa chás seo) a bhí faoina gcúram. Is ró-léir gur péidifileach atá san Athair Ratigan, agus is léir nach raibh Finn sásta é thabhairt do na húdaráis shibhialta. Tá Finn pretty in pink fós, ach cé chomh pretty agus a bheas sé gléasta mar atá Ratigan?
Bhí sagart anseo le déanaí ar an raidió dúirt sé nach n-inseoidh sé ar sagart eile, fiú dá gcaithfidh sé am lena nia!
ReplyDeleteSolidarity forever?
ReplyDeleteAithníonn ciaróg ciaróg eile!
ReplyDeleteFearn