Is breá liom an véarsa seo le Salvatore Quasimodo, file Iodálach a ghnóthaidh an Duais Nobel sa bhliain 1959. Thug mé iarracht ar Gaeilge an lae inniu agus Sean-Ghaeilge a chur air. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. Tá gach duine ina aonar ar chroí na talún pollta ag ga gréine: tagann an tráthnóna go tobann.
At·tá cách a oenur for cridiu in talman tregthae la gae gréne: ocus is lúath do-thét in fescor.
Ní raibh an tseoid sin de dhán ar eolas agam. Agus is maith liom d'aistriúchán air.
ReplyDeleteAn é gur chum an file an focal "trafitto" as "tra" agus "fitta"?
Níor chum sé é. Is ann don bhriathar trafiggere.
ReplyDelete'sul cuor de la terra' = 'ar chroí' nó 'i gcroí' (lár), meas tú?
ReplyDeletesul = ar an Pé scéal é, nach mbeadh sé dorcha i lár na talún?
ReplyDelete:-)
Ciall Liteartha v. Ciall Chor Cainte a bhí i gceist agam. Ar ndóigh, níl croí ag an talamh agus in éagmais súl de, ní cás dó breacadh ná fuineadh.
ReplyDelete