29 Márta 2015

Salvatore Quasimodo



Is breá liom an véarsa seo le Salvatore Quasimodo, file Iodálach a ghnóthaidh an Duais Nobel sa bhliain 1959.  Thug mé iarracht ar Gaeilge an lae inniu agus Sean-Ghaeilge a chur air.

Ognuno sta solo sul cuor della terra
trafitto da un raggio di sole:
ed è subito sera. 


Tá gach duine ina aonar ar chroí na talún
pollta ag ga gréine: 
tagann an tráthnóna go tobann.

At·tá cách a oenur for cridiu in talman 
tregthae la gae gréne: 
ocus is lúath do-thét in fescor.

5 comments:

  1. Ní raibh an tseoid sin de dhán ar eolas agam. Agus is maith liom d'aistriúchán air.

    An é gur chum an file an focal "trafitto" as "tra" agus "fitta"?

    ReplyDelete
  2. Níor chum sé é. Is ann don bhriathar trafiggere.

    ReplyDelete
  3. 'sul cuor de la terra' = 'ar chroí' nó 'i gcroí' (lár), meas tú?

    ReplyDelete
  4. sul = ar an Pé scéal é, nach mbeadh sé dorcha i lár na talún?
    :-)

    ReplyDelete
  5. Ciall Liteartha v. Ciall Chor Cainte a bhí i gceist agam. Ar ndóigh, níl croí ag an talamh agus in éagmais súl de, ní cás dó breacadh ná fuineadh.

    ReplyDelete