13 Meitheamh 2011

cac leighis


Seo sliocht as lámhscríbhinn leighis ón gcúigiú haois déag atá i dtaisce anois ag Coláiste na Tríonóide, LS 1343. Tá an chéad fhocal i Laidin (stercus = cac). Tá an chuid eile de i nglan-Ghaeilge (in ainneoin an seanlitrithe) ach amháin an chéad fhocal, “ínglan”. Ní “íonghlan = íonaigh” atá ann, ach “anghlan = neamhghlan = cac”.


ínglan na ngabur



Stercus .i. inglan nangabur atirmugad 7 pudur dodenamh dhe 7 acrothad ar goranaibh 7 arsalcur ancroicinn 7 icaid é.

Cac .i. anghlan na ngabhar a thriomú agus púdar a dhéanamh de agus a chroitheadh ar ghoiríní agus ar shalachar an chraicinn & íocann sé é.

17 comments:

  1. Bhabha! Ar oibrigh sé mar leigheas, meas tú?

    ReplyDelete
  2. N'fheadar. Ach is cosúil gur féidir le cas leigheas a bheith thar a bheith éifeachtach.

    Spéisiúil sofhriotal a bheith ar bun an úr úd. Laidin na lianna!

    ReplyDelete
  3. An é go raibh drogall orthu 'cac' a scríobh agus gur phioc siad Laidin ina áit nó an nós coitianta a bhí ann?

    ReplyDelete
  4. Féach gur neamhghlan a scríobh siad sa Ghaeilge.

    ReplyDelete
  5. Bhal, "salachar" a deirtear leis fós, go modhúil.

    Ach cogar mé seo leat a mháistir na seacht dteanga, má thagann an focal "cac" ón Ghréigis "cacos" = " clé ", an raibh an focal sa Ghaeilge an tráth úd?


    Fearn

    ReplyDelete
  6. Bhal, "salachar" a deirtear leis fós

    Ní an cac atá i gceist.

    “salachar an chraicinn” = skin eruption (s.v. “salachar” in FGB)

    ReplyDelete
  7. 'salach' (fuaimnithe mar slaach') a bhí againne agus mé óg ar chac. Níl fhios agam an leagan athbheochana sin, nó a bhfuair mo sheanathair thiar i gCorca Dhuibhne é

    ReplyDelete
  8. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  9. Cac mar íocshláinte? An raibh siad ag déanamh stocaireachta do na meáin chumarsáide príomhshrutha?

    ReplyDelete
  10. Cac mar íocshláinte? Níl sé dochreidte anois, dar liomsa.
    Tá nódú caca againn na laethanta seo, mar leigheas ar saghas galair áirithe de stéigeacha.

    ReplyDelete
  11. Tá oidis eile a bhaineann úsáid as cac sa LS seo. Ba chóir dom cúpla ceann eile a thabhairt daoibh, ó am go ham!

    ReplyDelete
  12. Tá difear mór idir cac ó dhaoine sláintiúla a chur i gcapsúl agus a shlogadh d’fhonn galar ó Clostridium difficile a leigheas agus an cac céanna a leathadh ar chréacht sheachtrach, cuma ar triomaíodh nó nár triomaíodh an cac.
    Sa chéad chás, sé atá i gceist gur cuireadh hoiméastáis baictéar an ionathair ó riocht de bharr cóir leighis le frithbheathach, rud a thug sé d’uain don rógaire C. diff dul ó smacht. Tharla a leithéid domsa tá deich mbliana ó shin agus geallaim daoibh gur chaith mé na trí lá b’uafásaí san ospidéal dár chaith mé riamh. Bhí an t-ádh liom nach raibh mé faon lag, nó is ansin a théann an scéal ó smacht agus ní annamh gurb é an bás an toradh.
    Sa dara cás, bheifeá ag cur baictéar díobhálacha isteach sa sruth fola agus n’fheadar féin cad ba thoradh air sin.

    ReplyDelete
  13. A DhK,
    Cac a bhí i gceist: cainniúr : salachar.
    Níl FGB gan locht.

    A Aonghas,
    Fuaimniú Muaimhneach a tá ann cinnte. Ach nach aidíocht é? Cad é an t-ainmfhocal, ní mé?

    Mar leigheas, chuala mé scéal mar gheall ar leanbh a scalladh agus moladh dá mháthair an gríos a smearadh le cac : buailtreach. Duine sa bhaile a raibh cáil "an leighis" air, mar a thugtar air, a mhol. Níor tugadh míniú air mar leigheas, ach d'oibrigh sé.

    Fearn

    ReplyDelete
  14. Cac a bhí i gceist: cainniúr : salachar.

    San oideas thuas, ciallaíonn an abairt “salachar an chraicinn” skin eruption. Ní hionann “salachar” agus “cac” ansin. An dtuigeann tú anois?

    ReplyDelete
  15. Le bheith soiléir: croitear an púdar ar ghoiríní AGUS ar shalachar craicinn len iad leigheas.

    ReplyDelete
  16. Á!
    Is chuig na bhfocal "Stercus" agus "neamhghlan" a bhí mé.
    Tá salachar sa Ghaeilge ag cialladh cac, cainniúr, buailtreach, otrach. crobhar, cacanna, 7rl, go modhúil.
    Tuigim an tagairt do salachar an chraicinn.

    "Caco" (=cacaim) atá sa Laidin cé go bhfuil fréamh an fhocail seo sa Cheiltis fosta. Tá "cacc" sa tSeanGhaeilge. Síl mé go ndéarfá linn cathain a thug an Ghaeilge cead isteach don fhocal "cac"

    Is túisce míthuigse ná tuigse.

    Fearn

    ReplyDelete
  17. mmmmm...ar dtús, bainne gabhair mar leigheas. Anois, (nó ag an am sin), các gabhair. Chreidfinn ann, caithfidh me a rá.

    ReplyDelete