Tá cassoulet ag na Francaigh agus feijoada ag na Brasaíligh, ach ní dóigh liom go raibh pónairí chomh tábhachtach sin riamh i gcuisine na nGael. Is Gael mé, ó thaobh na teanga de ar aon nós, agus is breá liom arán sóide agus tae le bainne, leann dubh agus bradán deataithe. Ach tá an-dúil agamsa i bpónairí dubha freisin, rud a d'fhoglaim mé i Meicsiceo. Thóg mé an pictiúr thuas cúpla nóiméad ó shin.
Séard a fheiceann tú ann ná an dá olla a thug mé liom ó Mheicsiceo na blianta ó shin. Tá pónairí dubha, uisce, cúpla slis onniúin agus daba ola olóige sa phota beag. (Tá sé ar fiuchadh ar sorn anois.) Bainim úsáid as an gceann mór nuair a bhíonn a lán daoine chun dinnéir againn.
Tá an dá phota seo lámhdhéanta, agus ní ar roth potaire a rinneadh iad. Is potaí cornácha iad, modh atá an-ársa, ach coitianta fós i mbailte beaga sa tír sin. Agus níl siad leochaileach. Tá sorn gáis agam agus cuirim go díreach ar an lasair iad.
I gceann uair go leith eile beidh na pónairí beagnach réidh. Cuirfidh mé na duilleoga glasa atá phictiúr sa phota ansin in éineacht leis an salann. Epazote atá ann, planda sách umhal atá ag fás i bpota amuigh ar an deic. Ní bhainim úsáid as in a lán rudaí, ach pósann an blas atá air iontach maith le pónairí dubha.
An bhfuil a fhios agat, a Dennis?
ReplyDeleteAn ionann na pónairí dubha atá ag Meicsiceo agus na pónairí dubha a chuirim i anraith Síneach?
Ní hionann. Déantar dow see (“fermented black beans”) as pónairí soighe.
ReplyDeleteMás fíor do Fergus Kelly (Early Irish Farming) nach orainne atá an t-ádh nach cuisine stairiúil na nGael a bhíonn ar bord againn.
ReplyDeleteSeachas an corr-uasal, dealraíonn gur mhair na daoine eile ar leite de shaghas éigin, bláthach, luibheanna géara agus giota beag d’fheoil bhruite uair nó dhó sa bhliain. Anois, seans go ndéarfadh saineolaithe bia go raibh an t-oideas bia sin sláintiúil, ach a thiarcais, nach mbeifeá dubh dóite de.
Ar na béilí pónaire a ithimse, tá ceann amháin a bhain amach tús áite a luaithe is a bhlais mé de in Firinze: Ribollita Tuscana.
Yum yum, tá cuma an-deas ar an mbéile sin, a Dennis, agus diabhal locht ar an Ribollita Tuscana, ach an oiread, feictear dom, a Sheáin - fuair mé an oideas ar Ghoogle anois díreach.
ReplyDeleteIs aoibhinn liom pónairí...ach, ar ndóigh, is feoilseántóir mise..;-)
Mo chuimhne, tá na potaí sin go hálainn!
This comment has been removed by the author.
ReplyDeleteNí féidir mórán pónairí a fhás in Éirinn, pónairí leathan (nó pónairí fava mar ghlaonn Hannibal Lecter orthu) an t-aon chineál fad is eol dom.
ReplyDeleteDála an scéil d'éirigh liom Nótaí Imill a chur ar mo liosta.
Ribollita Tuscana
ReplyDeleteNíor bhlais mé é riamh, ach feicim ón oideas nach bhfuil sé an-difriúil leis an soupe corse a bhí againn cúpla uair an mhí seo caite ar an oileán. Cuirtear blettes (biatas bán) ann in áit an cháil, pónairí rua in áit pónairí bána, agus prátaí in áit an aráin tirim. Ah... agus muiceoil! Thaitin an t-anraith Corsaiceach seo go mór liom!
@ Colm - Maith an fear! Tá níos mó smachta agat ar shuíomh do bhlaig anois.
ReplyDeleteleite de shaghas éigin, bláthach, luibheanna géara agus giota beag d’fheoil bhruite uair nó dhó sa bhliain
ReplyDeleteNá dearmad an leann! Agus is féidir a lán rudaí a dhéanamh le bainne: leamhnacht, im, bláthach, bainne géar (= iógart?), cáis úr agus cáis chrua, etc.
Léigh mé ar na mallaibh go dtaispeánann tochailtí in umar mór séarachais faoi fhoirneamh Rómhánach i bPompeii gur ith an gnáthphobal i bhfad níos mó rudaí ná mar a shíl na staraithe roimhe seo.
N'fheadar an bhfuil pónairí luaite ag Mac Con Glinne
ReplyDeleteNí fheicim “pónaire” ná “pis” i ngluais an leabhair.
ReplyDelete"Seachas an corr-uasal, dealraíonn gur mhair na daoine eile ar leite de shaghas éigin, bláthach, luibheanna géara agus giota beag d’fheoil bhruite uair nó dhó sa bhliain."
ReplyDeleteNí nach ionadh go mbíodh na Gaeil chomh au fait leis an saol síoraí. Ní hé go mairidís go deo, ach i bhfianaise na h-aiste bia sin níl aon amhras ach go mbíodh an chuma sin air.