03 Meitheamh 2011

“Tandragee Idol”



Tá an íomhá seo, ar a dtugtar an Tandragee Idol, le feiceáil anois in Ardeaglais Phádraig in Ard Mhacha. Tháinig sé ón sráidbhaile Tóin re Gaoith sa chontae sin, ach níl sé soiléir cá raibh sé suite roimhe sin.

Deir an scoláire Beilgeach Claude Sterckx sa leabhar Mythologie du monde celte (2009) gur íomhá den dia-rí Nuadu Airgetlám / Nuadha Airgeadlámh, agus a lámh gearrtha, nó a lámh nua airgid, ina láimh eile. Tá trácht air seo in Cath Maige Tuired (sa litriú an-ait a fhaightear sa lámhscríbhinn sin):

Boí dano Núadae oga uothras, 7 dobreth láim n-argait foair lioa Dien Cécht go lúth cecha lámha indte.
Ansin bhí Nuadha á leigheas, agus cuireadh lámh airgid air le Dian Céacht, lámh ina raibh lúth gach láimhe eile.
Is míniú nua é seo, go bhfios dom, agus is maith liom é. Cheannaigh mé an leabhar seo toisc go raibh meas agam ar Sterckx riamh.

5 comments:

  1. An-deas, Dennis. Tá hata sainiúil air.

    ReplyDelete
  2. Scéal deas. An dtugann sé fáth lena bharúil?

    ReplyDelete
  3. tá mé ag cur seo chuig fear atá ar aithne agam, a chónaíonn in Tóin Re Gaoith. cuirfidh sé spéis ann - fear buí in Tóin re Gaoith - ní bheidh an scéal ar eolas aige ach beidh sé in inmhe Google translate a úsaid!

    ReplyDelete
  4. Agus céard faoi na beola ata? An é nárbh é caillteanas a láimhe an t-aon rud a tharla dó le linn Catha Má Túr ach go bhfuair sé buille sa ghob anuas ar sin?

    Nó é go raibh na beola botoxáilte?

    Pé scéal é, an bhfuil aois na dealbhóireachta ar eolas?

    ReplyDelete
  5. Is cosúil gurb ionann Nuadha agus an dia Nodons (Nudens, Nodens) a raibh teampall aige i Lydney Park, Sasana. Níl mórán eolais eile agam air.

    ReplyDelete