Mar a dúirt mé cheana, tá planda Camellia sinensis agam sa chlós tosaigh. Tá a lán duilleoga úra air anois díreach, agus tá an planda sách mór anois le cúpla ceann díobh a bhaint gan aon dochar a dhéanamh dó, rud a rinne mé arú inné.
na duilleoga díreach tar éis dom iad a bhaint
Bhí ionadh orm nuair a bhlais mé é! Ní raibh sé go dona ar chor ar bith. Le fírinne, bhí an tae seo chomh maith le tae glas a rinne mé le duilleoga a cheannaigh mé. Ach, ós fearr liom tae dubh le bainne, tabharfaidh mé iarracht ar tae dubh a dhéanamh as na duilleoga an chéad turas eile.
Beidh mé ag súil le cuid a trí, mar sin. An bhfuil oideas agat conas na duilleoga a réiteach gan an blas a chailleadh?
ReplyDeleteLéigh mé cuid dá bhfuil faoi phróiseáil tae ar an idirlíon. Tá a lán oideas ann! Is léir domsa go bhfuil an-tábhacht le “technique” san ealaín seo. Dá mbeadh an planda atá agam níos mó, bheinn sásta i bhfad níos mó trialacha a bhaint as a chuid duilleoga. Ach tá sé beag fós.
ReplyDeleteChuir an t-ainm camellia sinensisa bhfuil cosúlacht aige le Kamille(ntee) ar seachrán mé ar dtús. Ach is amhlaidh gur camellia sinensisa an planda as a ndéantar an tae dubh.
ReplyDeleteMatricaria chamomilla a bheadh i gceist i gcás an tae eile. "Camán meall" an leagan Gaelainne dó, nó do phlanda atá gar go leor dó.
Mar is eol, nuair a chuir Proust madeleine, a bhí go díreach roimhe sin tumtha aige i dtae den chineál sin, isteach ina bhéal cuireadh tús le ceann de na saothair is téagartha sa litríocht.