Cliceáil le méadú.
Cheannaigh mé planda beag Camellia sinensis tuairim is seacht mbliana ó shin. Chuir mé i bpota é sa chlós tosaigh, áit a bhfuil sé faoi scáth cuid mhaith den lá. Lean sé air ag fás ó bhliain go bliain, ach ní ar nós na fiaile, ná baol air. Méadú measartha a tháinig air mar sin féin. Mar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas, a thóg mé cúpla uair a chlog ó shin, tá a lán duilleoga úra ag borradh air anois díreach.
Is cosúil gurb iad na duilleoga úra seo a úsáidtear le tae a dhéanamh - tar éis iad a phiocadh, a rolladh, agus a thriomú, ar ndóigh. Níl mé cinnte fós, ach is féidir go mbainfidh mé triail astu i mbliana!
An-suimiúil. Is fearr is féidir próiseas a mheas má bhaintear féin triail as.
ReplyDeleteNach ó scothanna an phlanda a thagann scoth an tae?
Dála an scéil, conas mar is fearr leatsa tae a ól: tae dubh le bainne amhail mar is ólann na hoileánaigh é?
Is nós domsa caife - an iomarca de! - a ól i rith an lae agus tar éis a hocht a chlog tráthnóna ólaim tae. Ceapaim go bhfuil éifeacht níos sofaisticiúla le tae; tá feidhm dúisithe an chaife cosúil le speach capaill, mar shampla.
Is san India a thosaigh mé ag ól tae, nuair a bhí mé 21 bliain d'aois. Bhíodh tae fuar/oighrithe againn i rith an tsamhraidh agus mé ag fás aníos i gCalifornia, ach is caife amháin a d'ól mo thuismitheoirí ar maidin. Bhí bainne agus siúcra sa “chai” a d'ól mé san India. D'éirigh mé as an siúcra ina dhiaidh sin, ach is tae dubh le bainne a ólaim i gcónaí, maidin agus tráthnóna. Ach is caife a ólaim de ghnáth agus mé ag taisteal. Tá sé deacair tae maith a fháil “ar an mbóthar”, ach amháin in Éirinn.
ReplyDelete@ is féidir go mbainfidh mé triail astu i mbliana!
ReplyDeleteSeattaele, an ea...