Seo daoibh nóta imill a bhreac scríobhaí síos le linn an Charghais sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610, 46v. Is féidir cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú. Is i Rath an Photaire (Pottlerath, baile fearainn i gCo. Chill Chainnigh) a bhí an scríobhaí agus an leabhar ag an am sin, ca. 1453.
dar mo breithir as mor in pian duin uisci do denum
aine in cesta 7 feabus an fina ata an entigh rinn
“Dar mo bhriathar, is mór an phian dúinn uisce do dhéanamh Aoine an Chéasta agus feabhas an fhíona atá in aontigh (éindí) linn.”
Bhuel, is pian de shaghas atá i gceist leis an gCarghais, nach ea?
ReplyDeleteAn manach a scríobh é,an bhfuil a fhios agat?
Tá traidisiún fada déanta alcóil ag manaigh. Tá grúdlanna go leor abhus a bhunaigh na manaigh.
ReplyDelete(Dála an scéil, ní raibh an focal "pottle" agam, céard fúibhse?)
@ Áine - Ní manach a scríobh é faoin am sin (ca. 1450), ach scríobhaí proifisiúnta.
ReplyDelete@ Ormondo - Ní raibh sé agamsa ach oiread.
Ceann maith, a Dennis. Ní raibh mé in ann 'breithir' agus 'cesta' a léamh. An raibh an nod 'est' san fhocal 'cesta' sách coitianta?
ReplyDelete