18 Aibreán 2011

an t-earrach is measa riamh



Is dóigh liom go bhfuil cónaí orm i gCorca Dorcha, áit a raibh “doineann na dúiche ró-dhoineanta”. Tá sé oifigiúil. Ní raibh earrach níos measa (níos fuaire agus níos fliche) i Seattle riamh. Cé mhéad lá níos teo ná 55F a bhí againn i mbliana? Dhá lá! Téann an graf thuas ó 1 Feabhra go dtí 14 Aibreán. Inniu, ceithre lá níos déanaí, tá sé fós chomh dona céanna. 41F (5°C) atá sé anois díreach ag 11 ar maidin agus ag cur báistí.

La Niña is cúis leis an aimsir seo. Tá go maith. Ní hionann míniú agus faoiseamh.

2 comments:

  1. Lá álainn gréine anseo inniu, timpeall 13°C, cheapfainn, ach ní féidir brath ar an aimsir, mar is eol duit...:-)

    ReplyDelete
  2. 13°C, sin 55°F. Is dóigh liom gurb é sin an tipping pont idir fuar agus compordach.

    ReplyDelete