12 Aibreán 2011

Sequoiadendron giganteum, cuid a dó


Cliceáil le méadú.


Seo dhá radharc ar an mórghiúis dhúdach eile sa chomhsanacht. Is crann ollmhór é cheana féin, cé nár cuireadh é níos mó ná seachtó bliain ó shin. Ach níl ann ach leanbh beag i gcomórtas lena ghaolta i gCalifornia.

6 comments:

  1. Nach é gurbh as an bhfeadán sa chéad ghrianghraf i gcuid a haon a tháinig an crann thuas agus go bhfuil tú ró-umhal le sin a admháil!? ;-)

    ReplyDelete
  2. Ba bhreááá liom na crainn sin a fheiscint. Ó bhuel, rud éigin eile ar an liosta.

    ReplyDelete
  3. @ John - Ceannaigh cúpla ceann i dtiúbanna, cuir áit éigin faoin tuath in Éirinn iad, agus ansin ... déan foighne. Nó tar anseo. Tá an dollar ag éirí níos laige in aghaidh an lae agus an euro níos treise, rud nach dtuigim go beacht.

    ReplyDelete
  4. @ Ormondo - Níl an méid sin CO² san aer fós!

    ReplyDelete
  5. Oireann aeráid na hÉireann go rí-mhaith do chrainn ó iar-thuaisceart Mheiriceá. Tá go leor redwoods idir an mhórghiúis dhúdach agus an chrónghiúis ag fás anseo ó lár na naoú aoise déag. Chuala, n'fheadar an bhfuil san fíor, go bhfásann siad níos tapúla ná ina dtír dhúchais.

    http://www.treecouncil.ie/heritagetrees/aaspecies.htm

    Suíomh iontach le haghaidh aon duine a bhfuil spéis aige i gcrainn na hÉireann.

    @John, Ní gá duit taisteal chomh fada san, tá go leor redwoods ag fás i bpáirceanna na Breataine.

    ReplyDelete
  6. An bhfuil gluaiseacht ar bith in Éirinn leis an ainm / aidhm “Re-Tree Ireland”, nó aon rud mar sin?

    Bhí alt ar an NYTimes Dé Domhnaigh faoi na crónghiúiseanna agus na mórghiúiseanna agus carbon sequestration, má tá suim agat iontu.

    ReplyDelete