04 Aibreán 2011

tart an Charghais


Seo daoibh nóta imill a bhreac scríobhaí síos le linn an Charghais sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610, 46v. Is féidir cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú. Is i Rath an Photaire (Pottlerath, baile fearainn i gCo. Chill Chainnigh) a bhí an scríobhaí agus an leabhar ag an am sin, ca. 1453.



dar mo breithir as mor in pian duin uisci do denum



aine in cesta 7 feabus an fina ata an entigh rinn


“Dar mo bhriathar, is mór an phian dúinn uisce do dhéanamh Aoine an Chéasta agus feabhas an fhíona atá in aontigh (éindí) linn.”

4 comments:

  1. Bhuel, is pian de shaghas atá i gceist leis an gCarghais, nach ea?

    An manach a scríobh é,an bhfuil a fhios agat?

    ReplyDelete
  2. Tá traidisiún fada déanta alcóil ag manaigh. Tá grúdlanna go leor abhus a bhunaigh na manaigh.

    (Dála an scéil, ní raibh an focal "pottle" agam, céard fúibhse?)

    ReplyDelete
  3. @ Áine - Ní manach a scríobh é faoin am sin (ca. 1450), ach scríobhaí proifisiúnta.

    @ Ormondo - Ní raibh sé agamsa ach oiread.

    ReplyDelete
  4. Ceann maith, a Dennis. Ní raibh mé in ann 'breithir' agus 'cesta' a léamh. An raibh an nod 'est' san fhocal 'cesta' sách coitianta?

    ReplyDelete