13 Meitheamh 2011

tae, cuid a dó


Mar a dúirt mé cheana, tá planda Camellia sinensis agam sa chlós tosaigh. Tá a lán duilleoga úra air anois díreach, agus tá an planda sách mór anois le cúpla ceann díobh a bhaint gan aon dochar a dhéanamh dó, rud a rinne mé arú inné.

na duilleoga díreach tar éis dom iad a bhaint


na duilleoga céanna, 12 uair a chloig níos déanaí, iad feoite agus ag éirí níos dorcha


an chéad lá eile, tar éis dom na duilleoga a thriomú i scilléad an-te


sa taephota anois ar feadh trí nóiméad


an tae glas a tháinig as

Bhí ionadh orm nuair a bhlais mé é! Ní raibh sé go dona ar chor ar bith. Le fírinne, bhí an tae seo chomh maith le tae glas a rinne mé le duilleoga a cheannaigh mé. Ach, ós fearr liom tae dubh le bainne, tabharfaidh mé iarracht ar tae dubh a dhéanamh as na duilleoga an chéad turas eile.

3 comments:

  1. Beidh mé ag súil le cuid a trí, mar sin. An bhfuil oideas agat conas na duilleoga a réiteach gan an blas a chailleadh?

    ReplyDelete
  2. Léigh mé cuid dá bhfuil faoi phróiseáil tae ar an idirlíon. Tá a lán oideas ann! Is léir domsa go bhfuil an-tábhacht le “technique” san ealaín seo. Dá mbeadh an planda atá agam níos mó, bheinn sásta i bhfad níos mó trialacha a bhaint as a chuid duilleoga. Ach tá sé beag fós.

    ReplyDelete
  3. Chuir an t-ainm camellia sinensisa bhfuil cosúlacht aige le Kamille(ntee) ar seachrán mé ar dtús. Ach is amhlaidh gur camellia sinensisa an planda as a ndéantar an tae dubh.

    Matricaria chamomilla a bheadh i gceist i gcás an tae eile. "Camán meall" an leagan Gaelainne dó, nó do phlanda atá gar go leor dó.

    Mar is eol, nuair a chuir Proust madeleine, a bhí go díreach roimhe sin tumtha aige i dtae den chineál sin, isteach ina bhéal cuireadh tús le ceann de na saothair is téagartha sa litríocht.

    ReplyDelete