Tri neithe treoruiges duine dinnsuidhe
ifrinn .i. drochsmuaintighe 7 briathra
cama 7 oibrigthi saoba :~
Trí nithe a threoraíonn duine d'ionsaí
ifrinn .i. drochsmaointe 7 briathra
cama 7 oibreacha saobha.
Tá an tré seo ag na Búdaithe freisin mar chuid den Chonair Uasal Ochtfhillte, mar uimhir a dó, uimhir a trí agus uimhir a ceathair:
2. samyak-saṃkalpa = smaoineamh ceart
3. samyag-vāc = caint cheart
4. samyak-karmānta = gníomh ceart
Tá go maith agus níl go holc, ach ... céard is gníomh ceart ann dáiríre sa saol ina bhfuilimid beo, i gcúrsaí airgid, i gcúrsaí cogaidh, i gcúrsaí collaíochta? I bpolasaíthe an IMF? Sa choimhlint idir Israel agus na Palaistínigh? Maidir le hainmhithe a ithe? Agus mar sin de.
Bíonn cling dheas le nathanna mar seo, ach is cling bheag fholamh í den chuid is mó.
Sin i an cheist - an cheist nach mór do gach duine againn a fhreagra fhéin a aimsiú air. Spéisiúil gur dearfach atá an chonair Búdaíoch - ach rudaí le seachaint atá san tré Éireannach.
ReplyDeleteB'fhéidir go áit níos fearr ifreann ná neamh, áit lán le daoine atá tuairimí dá gcuid féin acu agus iad sásta iad a roinnt. Áit suimiúil.
ReplyDeleteIfreann - áit le haghaidh heated conversation an ea, a Néidí...:-)
ReplyDeleteBíonn rudaí sách teasaí áit ar bith. N'fheadar faoi roinnt agus Ifreann. Bhfuil an íomhá Cóiréach ar Neamh/Ifrinn cloiste agaibh?
ReplyDeleteNa spúnóga fada?
ReplyDeleteSea, nó cipín itheacháin fada sa leagan a chuala mise.
ReplyDelete"Bíonn cling dheas le nathanna mar seo, ach is cling bheag fholamh í den chuid is mó."
ReplyDeleteMar a thagann ó iarrthóir polaitiúil le linn toghcháin - agus ina dhiaidh, má thoghtar é.
Cé hé an dream eile bhíonn beo ar nathanna deasa?
Is fíor duit, Fergus!
ReplyDelete