16 Meitheamh 2011

tré



Tri neithe treoruiges duine dinnsuidhe
ifrinn .i. drochsmuaintighe 7 briathra
cama 7 oibrigthi saoba :~

Trí nithe a threoraíonn duine d'ionsaí
ifrinn .i. drochsmaointe 7 briathra
cama 7 oibreacha saobha.

Tá an tré seo ag na Búdaithe freisin mar chuid den Chonair Uasal Ochtfhillte, mar uimhir a dó, uimhir a trí agus uimhir a ceathair:

2. samyak-saṃkalpa = smaoineamh ceart
3. samyag-vāc = caint cheart
4. samyak-karmānta = gníomh ceart

Tá go maith agus níl go holc, ach ... céard is gníomh ceart ann dáiríre sa saol ina bhfuilimid beo, i gcúrsaí airgid, i gcúrsaí cogaidh, i gcúrsaí collaíochta? I bpolasaíthe an IMF? Sa choimhlint idir Israel agus na Palaistínigh? Maidir le hainmhithe a ithe? Agus mar sin de.

Bíonn cling dheas le nathanna mar seo, ach is cling bheag fholamh í den chuid is mó.

8 comments:

  1. Sin i an cheist - an cheist nach mór do gach duine againn a fhreagra fhéin a aimsiú air. Spéisiúil gur dearfach atá an chonair Búdaíoch - ach rudaí le seachaint atá san tré Éireannach.

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir go áit níos fearr ifreann ná neamh, áit lán le daoine atá tuairimí dá gcuid féin acu agus iad sásta iad a roinnt. Áit suimiúil.

    ReplyDelete
  3. Ifreann - áit le haghaidh heated conversation an ea, a Néidí...:-)

    ReplyDelete
  4. Bíonn rudaí sách teasaí áit ar bith. N'fheadar faoi roinnt agus Ifreann. Bhfuil an íomhá Cóiréach ar Neamh/Ifrinn cloiste agaibh?

    ReplyDelete
  5. Sea, nó cipín itheacháin fada sa leagan a chuala mise.

    ReplyDelete
  6. "Bíonn cling dheas le nathanna mar seo, ach is cling bheag fholamh í den chuid is mó."

    Mar a thagann ó iarrthóir polaitiúil le linn toghcháin - agus ina dhiaidh, má thoghtar é.

    Cé hé an dream eile bhíonn beo ar nathanna deasa?

    ReplyDelete