Thug mé an F bunoscionn seo, Ⅎ, faoi deara sa Róimh cúpla seachtain ó shin:
Ní bhfuair mé amach céard a bhí ann go dtí gur tháinig mé abhaile. Is cosúil gur chuir an tImpire Claudius trí litir nua leis an aibitir Rómhánach nuair a bhí sé i réim:
Seasann an chéad cheann do [ps] agus [bs], ar mhúnla na litreach “X” a sheasann do [ks] agus [gs].
Seasann an dara ceann don chonsan [v] / [β] / [w]. Roimhe seo ní raibh ach “V” ann, a sheas don ghuta [u] agus don chonsan araon.
Seasann an tríú ceann don fhuaim [y] a scríobhadh mar “Y” sa Ghréagais, agus atá againn inniu in “für” na Gearmáinise agus in “dur” na Fraincise.
Cé nár mhair aon cheann de na litreacha nua seo san aibitír tar éis don Impire bás a fháil sa bhliain sa bhliain 54, bhí Claudius ar an gconair cheart. Rinneadh “V” a idirdhealú ar an gconsan “VV”, scríofa le dhá litir, go luath sa mheánaois, cé nach ndearnadh litir amháin de go dtí i bhfad níos déanaí: “W”. Rinneadh dhá litir éagsúla de “V” agus “U” thart faoin am céanna.
Is deacair rudaí athrú ó bharr aníos, fiú más Impire tú!
ReplyDeleteSpéisiúil. Seo an Cladius a lean (dá ainneoin féin más fíor) Nero?
An duine céanna.
ReplyDeleteScríobh tú “Cladius”, rud a chuir scéal eile i gcuimhne dom. Bhí dhá litriú den ainm sin in úsáid faoin am sin:
ReplyDeleteClaudius, an seanleagan clasaiceach, agus Clodius. Deir scoláirí áirithe gur leagan nua “vulgar” é seo a thaispeánann athrú an ghuta ó /au/ go /o/ i gcaint na ndaoine. Tá scoláirí eile ann, áfach, a deir nach raibh ann ach leagan canúnach a tháinig ó na Sabines.
Pé scéal é, bhí polaiteoir amháin ann, Publius Clodius Pulcher, uaslathaí a chuaigh leis an bplebs agus a d'athraigh litriú an ainm ó Claudius go Clodius.
Na canúintí arís!
ReplyDeleteCé nach bhfuil baint ag mo scéal leis an 'F' bunoscionn sin, a Dennis, chuir do scéalsa am eile i gcuimhne dom - an t-ionadh a bhí orm, agus mé ocht mbliana d'aois, nó mar sin, nuair a thug mé faoi deara gur ionann an 'W' agus 'double U', sé sin, dhá 'U' greamaithe le chéile!
ReplyDeleteEipeafáine! :-)
ReplyDelete