Séard atá in Annálacha Uladh, thar aon rud eile, ná taifead de bhásanna, ón mbliain 431 go dtí an bhliain 1378.
Scríobhadh mórchuid na n-iontrálacha i nGaeilge
ach faigheann a lán daoine iontu bás i Laidin:
mortuus est, mortua est, mortui sunt,
moritur, moriuntur, obiit.
Is minic a mhaolaítear na focail:
pausavit (lig sé scíth),
dormierunt (chodail siad),
quievit (bhí sé ciúin).
Maraítear cuid acu sa teanga chéanna:
occisus est, interfectus est, iugulatus est,
uaireanta a suis (lena mhuintir féin).
Uaireanta eile deirtear gur thit sé nó siad:
cecidit, ceciderunt,
agus an rud céanna i Meán-Ghaeilge:
torchair.
Na daoine a fuair bás i nGaeilge:
do éc nó d'éc, chomh simplí sin.
Agus iad siúd a maraíodh:
do marbad do nó la nó ó
agus ainmnítear cé a rinne é.
Agus ó am go ham deirtear dúinn
do bathudh isin tSinaind.
Nach spéisiúil do shaothar, a Dennis! Léargas eile óna lámhscríbhinní nach rabhas ag súil leis.
ReplyDeleteSuimiúil.
ReplyDeleteLaidin don sofhriotal i gcónaí?
ReplyDeleteDála an scéil, an cléirigh ar fad a ligeann scíth, agus ríthe a maraítear?
@aonghus - Tá an ceart agat is dócha. Bheadh orm súil eile a chaitheamh ar na hiontrálacha len é sin a dearbhú, áfach.
ReplyDeleteIs minic, dála an scéil, gur “in Christo” a dhéanann siad é:
ReplyDeletein Christo quievit, pausavit in Christo Iesu, in Christo dormierunt, in pace quievit, etc.
Bheadh sin ag luí le húsáid Eaglasta ceart go leor.
ReplyDelete