06 Samhain 2012

bás i Laidin agus i nGaeilge



Séard atá in Annálacha Uladh, thar aon rud eile, ná taifead de bhásanna, ón mbliain 431 go dtí an bhliain 1378.

Scríobhadh mórchuid na n-iontrálacha i nGaeilge
ach faigheann a lán daoine iontu bás i Laidin:
mortuus est, mortua est, mortui sunt,
moritur, moriuntur, obiit.

Is minic a mhaolaítear na focail:
pausavit (lig sé scíth), 
dormierunt (chodail siad),
quievit (bhí sé ciúin).

Maraítear cuid acu sa teanga chéanna:
occisus est, interfectus est, iugulatus est,
uaireanta a suis (lena mhuintir féin).

Uaireanta eile deirtear gur thit sé nó siad:
cecidit, ceciderunt, 
agus an rud céanna i Meán-Ghaeilge:
torchair.

Na daoine a fuair bás i nGaeilge:
do éc nó d'éc, chomh simplí sin.

Agus iad siúd a maraíodh:
do marbad dolaó
agus ainmnítear cé a rinne é.

Agus ó am go ham deirtear dúinn
do bathudh isin tSinaind.

6 comments:

  1. Nach spéisiúil do shaothar, a Dennis! Léargas eile óna lámhscríbhinní nach rabhas ag súil leis.

    ReplyDelete
  2. Laidin don sofhriotal i gcónaí?

    Dála an scéil, an cléirigh ar fad a ligeann scíth, agus ríthe a maraítear?

    ReplyDelete
  3. @aonghus - Tá an ceart agat is dócha. Bheadh orm súil eile a chaitheamh ar na hiontrálacha len é sin a dearbhú, áfach.

    ReplyDelete
  4. Is minic, dála an scéil, gur “in Christo” a dhéanann siad é:

    in Christo quievit, pausavit in Christo Iesu, in Christo dormierunt, in pace quievit, etc.

    ReplyDelete
  5. Bheadh sin ag luí le húsáid Eaglasta ceart go leor.

    ReplyDelete