25 Lúnasa 2009

“tabula tantum” arís


Mar a dúirt mé i dteachtaireacht eile cúpla lá ó shin...

Lá amháin d'fhiafraigh an Rí Séarlas Maol den scoláire Éireannach Seán Eriugena agus iad ag ól le chéile, “Céard a dhealaíonn sot (pótaire) ó Scot (Éireannach)? “Leithead an bhoird,” a dúirt Seán leis an rí, gan leisce ar bith.


Ceist agam oraibh anois...

Céard a dhealaíonn ceoltóir ó óltóir?

5 comments:

  1. Rud suimiúil é sin.

    Faitíos nó eagla roimh cheol dona a dhealaíonn ceoltóir ó óltóir a dhéarfainnse.

    Chuaigh mé go NW Spelmansstämme (fleadh cheoil Lochlannach?) i gClearview Dé Sathairn agus bhí an áit lán de cheoltóirí is rinceoirí. Bhí buidéil fhíona ar an mbord agus go leor leor de bheoir i bhfuaraitheoirí.
    Bhí ceol ann ar fud na háite i rith an lae, agus damhsa san oíche. Sheinn gach banna ceoil ag an damhsa, ceann i ndiaidh a chéile.
    Ní raibh sé de mhisneach agam ól fiú gloine fíona amháin. Ní bhímse in ann an bogha a tharraingt go díreach má tá braon tugtha agam. Ach bhí cúpla ceoltóirí eile a d'ól cuid mhór agus ní raibh a gcuid ceoil go holc.

    ReplyDelete
  2. Ach... nach féidir leis an ól an faitíos céanna a mhaolú uaireanta? :-) Tá súil agam gur bhain tú sult as an lá, fiú gan braon ar bord agat.

    Dála an scéil, tá freagra níos gonta agamsa ar an gceist seo... ach fanfaidh mé go dtí an lá amárach len é a thabhart daoibh.

    ReplyDelete
  3. Ceo! Cuireann ól ceo in inchinn an cheoltóra. Agus is droch orfideach an té ólta, go minic.

    ReplyDelete
  4. Ag breathnú ar an ngrianghraf thuas, “fad a láimhe” a déarfainn mar fhreagra!

    ReplyDelete