26 Lúnasa 2009

an fhíor-íomhá?


Cén chosúlacht a bhí ar Eriugena dáiríre? Níl a fhios agam cér tharraing an chéad phortráid seo, an ceann a bhí ar an nóta bainc.


An ceann eile seo a foilsíodh in A Social History of Ancient Ireland sa bhliain 1903, is é Sir George Petrie (1789 - 1866) a tharraing é ó íomhá a bhí os cionn dhoras an phroinntí i mBrasenose College, Oxford:


Bheadh ionadh orm dá mbeadh Johannes Scotus Eriugena le feiceáil i gceachtar de na híomhánna seo dáiríre. An cheist atá agam, áfach, ná cé acu ceann atá níos giorra do spiorad an duine agus do ghnás na haoise ina raibh sé beo?

7 comments:

  1. Fuair google an ceann seo:
    http://www.hs-augsburg.de/~harsch/Chronologia/Lspost09/Eriugena/eri_intr.html

    Samhlóinn é sin a bheith níos giorra dá ré.

    Ach cá bhfios. Buille faoi thuairim iad ar fad.

    ReplyDelete
  2. Mo cheol thú! Is fíormhaith liom an phortráid sin, a Aonghuis, an dreach atá air go háirithe: a shúile agus cruth a bhéil. Is léir ó na ceannaithe sin gurbh fhear é nach "suffered fools gladly".

    ReplyDelete
  3. tá íomhá éagsúil ar fad ar an leathanach seo!

    http://www.christianuniversalist.org/articles/history.html#middleages

    Tugtar "Scotch Irish" air, mar sin ní shílim gur foinse mhaith é

    ReplyDelete
  4. Is dócha gur portráid de Dhuns Scotus atá ar an leathanach sin. Proinsiasach a bhí ann, a bhí beo cúpla céad tar éis Eriugena. Aibíd dhonn de chuid an O.F.M. atá ar an bhfear sin, mura bhfuil dul amú orm.

    ReplyDelete
  5. Is breá liom Eriugena an £5 - maol ó bheith ag foghlaim Gréigise, beagáinín cosúil le Brian Ó Nualáin, agus brat Gaelach air in éadan fuacht na mór-roinne. Tá an ceann a d'aimsigh Aonghus an-fhíneálta. Bhain mé cóip den chéad imleabhar den Periphyseon anuas den tseilf agus feicim go bhfuil sé mar thulphictiúr ansin - Theodorus éigin in aice leis agus iad ag comhrá. Is as lámhscríbhinn i bPáras í: Bibliotheque nationale lat. 6734. Deir Dermot Morgan go bhfuil go leor pictiúr álainn sa lámhscríbhinn agus ó na dátaí a luann sé leis an téacs (1125-30) is cosúil go mbaineann sí leis an 13ú haois.
    Ach ná labhair liom faoi phicitúir ar buille faoi thuairim iad. Féach ar mo phictiúr féin.

    ReplyDelete
  6. tulphictiúr = frontispiece ?

    An féidir leat an pictiúr iomlán den bheirt sin ag comhrá a scanadh dúinn?

    Maidir le do chuid portráidí éagsúla, tá mé díreach tar éis súil a chaitheamh orthu ar Íomhánna Google. Conas a thogh tú an ceann atá agat ar do bhlag?

    ReplyDelete
  7. Frontispiece go díreach. Bíodh is go bhfeicim gur 'tulmhaisiú' atá ag Niall Ó Dónaill. An rud is éasca dom é a scanadh agus a chur ar an mblag seo agam féin - bí ag faire amach dó.
    Maidir leis an roghnú pictiúr a rinne mé, bhí oiread sin díomá orm leis na pictiúir a bhí ar fáil, chomh míchruinn is a bhí siad, gur roghnaigh mé an ceann b'éagsúla liom díobh ar fad.

    ReplyDelete