05 Lúnasa 2009

i dteagmháil leis na custaiméirí


Tá a fhios ag comhlacht an leictreachais, ag comhlacht an gháis, agus ag comhlacht an uisce anseo i Seattle gur ceart dóibh dul i dteagmháil lena gcustaiméirí nach bhfuil Béarla ar a dtoil acu ina dteanga féin. Ach... cén teanga? Is léir ó na fógraí seo nach bhfuil siad ar aon intinn faoi seo.

Leictreachas



Gás



Uisce


An féidir libh na teangacha uilig a aithint? :-)

2 comments:

  1. Déanfaidh mé greim as:

    City Light -- Spáinnis, Sínis, Seapáinis (nó Cóiréis ?), Vitneamis, ní athním an ceann 'war muhiim...', Tagalog
    Nílim cinnte den fhocal 'novedades' mar aistriúchán ar an bhfocal 'news' i mBéarla. B'fhéidir go bhfuil sé i gceart, ach tagann focal eile 'noticias' chugam.
    Cé go bhfuil go leor leor daoine atá Spáinnis acu anseo, is minic a fheicim aistriúchán dona ó Spáinnis go Béarla.
    Mí ó shin, chonaic mé 'Liberta entrega' ar fhógra mór ar an mballa ag Lowe's. Cheap mé dom féin "Cé hé an fear seo 'entrega' agus cén fáth atá sé sa phríosún?"

    Gás -- Spáinnis, Sínis, Rúisis

    Uisce -- Téalainnis, Vitneamis, Cóiréis,Spáinnis, Sínis,Cambóidis

    Tagann daoine ó gach áit sa domhan go Seattle.

    ReplyDelete
  2. Is i Somáilis atá an cúigiú ceann ó City Light scríofa.

    Maidir le "novedades", is dóigh liom go bhfuil an ceart agat, ach níl mé 100% cinnte sa chás seo. Is é sin, ní cuimhín liom anois céard a bhí sa chlúdach sin. Is ionann "novedades" agus "innovations", ach is féidir gurbh é sin go díreach a bhí i gceist acu. Ach dá mbeadh orm geall a chur air, déarfainn gur meancóg atá ann.

    "Liberta entrega"?!? Meas tú an é "entrega gratis" (seachadadh saor in aisce) a bhí i gceist acu?

    Is dóigh liom nach i dTéalainnis atá an chéad cheann ó chomhlacht an uisce ach i Lao. Tá siad an-chosúil lena chéile.

    ReplyDelete