16 Lúnasa 2009

leabhragán: an tsanasaíocht



“Cás leabhar” is ciall le “leabhragán” anois, ach is cosúil nach ndéantaí aon idirdhealú ar “leabhragán” agus “leabharlann” cúpla céad bliain ó shin: a lán leabhar san áit chéanna. Chuir an iarmhír -agán an t-ainm Íosagán i gcuimhne dom, agus luaigh Proinsias an focal “doireagán”. “Íosa beag” agus “doire beag” an chiall atá leis na focail seo. Cheap cara liom atá ina bhall den liosta Old-Irish-L, David Stifter ó Ollscoil Vín, cheap seisean gurb í an iarmhír chéanna atá le feiceáil san fhocal “leabhragán” freisin, bíodh is go bhfuil sé deacair an chéim -- nó an léim! -- ó “leabhar beag” go “a lán leabhar” a mhíniú.

Tá míniú eile agam anois. Níl a fhios agam fós an bhfuil an ceart agam, ach seo é. Thosaigh mé leis an bhfocal “duibheagán” (abyss), focal eile a chríochnaíonn leis an iarmhír -agán de réir dealraimh. Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, go háirithe i gcúrsaí sanasaíochta! Deir an foclóir sanasaíochta Lexique étymologique de l'irlandais ancien (LEIA) gur comhfhocal atá ann: dubh + aigéan = an-aigéan nó deep ocean = duibheagán . Luíonn an míniú sin le réasún. Anois, má thainig “duibheagán” ó “dubh + aigéan”, céard faoi “leabhar + aigéan” (book-ocean / ocean of books) mar bhunús an fhocail “leabhragán”? Nach bhfuil ciall leis sin freisin?

6 comments:

  1. Suimiúil a Dhonncha! Is cnuasfhocal é "ubhagán" freisin - aigéan uibheacha?

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, Kevin. An cheist atá agam anois ná: an focal nua-aimseartha é "ubhagán" a cumadh faoi anáil an fhocail "leabhragán"?

    ReplyDelete
  3. Seo ceist atá Pól Ó Muireasáin díreach tar éis a chur orm: cén bhaint atá ag "uibheagán = omelette" leis an méid seo uilig??

    ReplyDelete
  4. Suimiúil, gan be-agán dabht...:-)

    ReplyDelete
  5. Nocht an focal "dubhaigén" den chéad uair, go bhfios dom, san aistriúchán den Tiomna Nua le Uilliam Ó Domhnaill a foilsíodh sa bhiain 1602:

    "Nó, cía rachas síos don dubhaigén?" (Róm. X.7)

    Ach níl chuile dhuine sásta leis an éabhlóid fóineolachtaí ó "dubhaigéan" go "duibhheagán", .i. ó 'bh' leathan to caol, ó 'g' caol go leathan, agus ó 'é' go 'á'. Níl sé éasca na háthruithe sin a mhíniú.

    ReplyDelete