Creidtear go forleathan na laethanta seo gur rud echt-Cheilteach (nó Gaelach nó Éireannach) í an dualaíocht. Celtic interlace a thugtar air go minic. Ní in Éirinn a thosaigh an cineál seo ornáide, áfach. Rinneadh an píosa seo san Eoraip, ach i bhfad ó Éirinn agus i bhfad ó shin.
Quiz: Cén aibítir í seo?
Tá an chuma air gur an aibítir Ghlagolach (Glagolitic) atá ann - réamhtheachta na haibítre Coireallaí (Cyrillic). An bhfuil an ceart agam?
ReplyDeleteTá.
ReplyDeleteÓn gCodex Zographensis, a scríobhadh tuairim is míle bliain ó shin, atá an pictiúr seo.
Woohoo! Cá bhfuil mo dhuais?
ReplyDeleteIs é d'eolas do dhuais, i mo thuairim...:)
ReplyDeleteCén aois atá Codex Zographensis?
ReplyDeleteChuamar go "Viking Ship Museum" in Oslo dhá bhliain ó shin agus chonaiceamar dualaíocht ar na longanna a rinneadh sa 9ú céad.
Seo pictiúir daoibh:
http://www2.khm.uio.no/vikingskipshuset/dyrehodestolpene_eng.php
http://richard-schooler.net/2001/Norway/Img_0428.jpg
Tá go leor leor samplaí de dhualaíocht san Iorua míle bliain ó shin. Ar tháinig an dualaíocht ó Éirinn go dtí an Iorua? Nó ón Iorua go hÉirinn??
Tá an Codex Zographensis beagán níos óige ná a bhfuil ar an mbád Oseberg, ach ar chomhaois lena lán eile ó Chríoch Lochlann. Féach:
ReplyDeletehttp://en.wikipedia.org/wiki/Codex_Zographensis
Maidir le bunús agus scaipeadh na dualaíochta -- gan trácht ar éabhlóid na stíle seo -- ní mise an duine len é sin a mhíniú, faraor. B'fhéidir gur cheart duit an cheist sin a chur ar an liosta OIL. Tá alt leis an teideal "Celtic Knot" ar Wikipedia.