26 Lúnasa 2009

Cad a dhealaíonn...?


8 comments:

  1. do ráite.

    Cad é an nath sin faoi "minic a thig"?

    ReplyDelete
  2. Mo ghraidhin go deo thú, a Mhinic-a-Thig.
    Mo ghrá go deo thú, a Mhinic-nach-dTig.
    Is é mo léan is mo thrua nach é Minic-nach-dTig
    a thig chomh minic le Minic-a-Thig.

    Mo fhreagra féinig ná "trí lá" ... an t-achar céanna a dhealaíonn iasc úr ón mbailitheoir dramhaíola. :-)

    ReplyDelete
  3. An freagra thar a bheith cliste a raibh ag Aonghus? Bíonn ormsa dul chun an foclóir go minic chun brí roinnt de na bhfhocail a thuiscint. Ar an gcéad dul síos cheap mé gur an difríocht idir cuairteoir agus duine aineolach a bhí á lorg. Ach feictear dom go bhfuil brí eile ag 'aoi', mar (as béarla) 'syllabic metre with alternate lines ending in trisyllable and disyllable'.
    Is maith liom an pictiúr, pé scéal é!
    Gerry

    ReplyDelete
  4. Smeartáilte seachas cliste a bhí mé, sílim.

    Ní raibh aon bhrí eile agam le haoi.

    ReplyDelete
  5. An difríocht idir aoi agus daoi ná an litir 'd', maidir le meta-teanga.
    Gerry

    ReplyDelete
  6. Sin a bhí i gceist agam, ach gur chuaigh mé ceim níos faoi.

    do + aoi -> daoi
    so + aoi -> saoi

    ;-)

    Tá nath eile ann, nó seanfhocal ag tabhairt comhairle faoi gan a bhith ró mhinic i'd aoi. Sílim go bhfuil sé ag an Seabhac. Tochailt de dhíth. an8, lcd.

    ReplyDelete
  7. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  8. I Rannóg 10, Uimhir 17, i gCroí Cine a bhí an rann, béal ar bhéal leis an rann a thug Dennis:

    Téigh go hannamh go teach do charad,
    agus beidh romhat fáilte;
    Téigh go minic, agus téigh gan choinne leat,
    agus beidh an ghráin ort.

    ReplyDelete