02 Lúnasa 2009

bullaun


Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB):

ballán¹ 2. Lit: Cup-shaped drinking vessel. 3. (Rock with) cup-shaped hole.

Seo focal Gaeilge ar nós rath (gan an síneadh fada) agus crannog (ditto) a úsáidtear mar shainfhocal i mBéarla anois. Is féidir cuid mhaith eolais ar an rud seo a fháil ach cuardach a dhéanamh (Google nó Bing, mar is mian leat) le bullaun.


Is suimiúil an rud é go raibh spéis ag an bhfoclóirí (lexicographer) Cormac mac Cuilleannáin san fhocal seo níos mó ná míle bliain ó shin. Seo an iontráil in Sanas Cormaic (ó eagrán Khuno Meyer):

167. Ballān .i. bill-īan .i. lestar ḟir t[h]rūaig. Aliter: ballān .i. balloinis [βάλανος] isin grēic, glandis isin latin .i. dircu. Ballān didiu .i. fūath dercon bīss fair. Aliter: bell-īan .i. bell mele, ut dicitur: ‘a nó beill dogní in fer sa’ .i. a nó troich. Ballān didiu īan duine beill .i. duine t[h]rōigh.

167. Ballán i.e. bill-ian (bill= clamh, ian = cupán adhmaid) i.e. leastar fir trua. Nó: ballán i.e. βάλανος (= dearcán) i nGréigis, glandis (glans) i Laidin i.e. dearcán. Ballán mar sin, cruth dearcáin a bhíonns air. Nó: bell-ian i.e. (is ionann) bell (agus) meile (= amadán), mar sin deirtear ‘(is é) an chluas amadáin a dhéanann an fear seo’* i.e. an chluas thruáin. Ballán mar sin ian duine amaidigh i.e. truán.

* Is dócha gurbh ionann “an chluas amadáin” agus “an chluas bhodhar”:

“Is é an chluas bhodhar a thugann an fear seo”, nó “ní éisteann an fear seo le dea-chomhairle”.


Mar is iondúil, thug Cormac níos mó ná míniú amháin dúinn. Síleann scoláirí an lae inniu gur tháinig an focal seo ón bhfréamh Ind-Eorpach *bhel-, a dhéanann tagairt do rudaí atá cruinn nó séidte. Tá sliocht mór ar an bhféamh seo: ball agus bolg i nGaeilge, ball, bowl, boll, bole, belly, bellows i mBéarla, phallos i nGréigis, etc.

4 comments:

  1. Meas tú an ag tagairt do thionchar an óil a bhí sé leis an nath?

    ReplyDelete
  2. Is iad na rianta a rinne ballúin sna clocha sa chlochaois, dar ndóigh...thit siad go minic, mar as clocha a ndéantaí iad ag an am...

    ReplyDelete
  3. Feicim anois go bhfuil dóigh eile ann leis an abairt sin a léamh, a Aonghuis. Sa tSean-Ghaeilge agus sa Nua-Ghaeilge araon, is ionann “a + urú” agus “that which” (“a bhfuil aige”, mar shampla). Agus is ionann “ó” agus “from”. ACH... tá “ó” eile sa tSean-Ghaeilge, focal a chiallaíonn “cluas”. Is ainmfhocal neodrach é, agus is é an t-alt a théann le hainmfhocal neodrach san ainmneach ná "a + urú". Mar sin:

    a n-ó = an chluas

    “A n-ó beill dogní in fer sa” = “An chluas amadáin a dhéanann an fear seo”, nó "cluas an amadáin a dhéanann an fear seo”. Is dócha gurb ionann é sin agus “an chluas bhodhar a thabhairt”.

    ReplyDelete
  4. Tá mé díreach tar éis an iontráil a cheartú, ó tá mé cinnte anois gurb é an focal "ó = cluas" atá i gceist.

    ReplyDelete