28 Lúnasa 2009

pailéagrafaíocht



Do Liz, agus do na mílte daoine eile (hah!) a bhfuil suim acu i bpailéagrafaíocht na Gaeilge, atá an teachtaireacht seo tiomnaithe.

Céard a fheiceann muid anseo? An litir ‘l’ agus an litir ‘d’ agus rud éigin eatarthu a bhfuil trí mhinim ann. An litir ‘w’? Ach níorbh ann don litir sin riamh sa teanga seo. Tá go maith, ‘ui’ nó ‘iu’ mar sin? Tá leid againn sna serifs. Bíonn ding sách mór ag ceann gach litreach a thosaíonn le stríoc ingearach. Sa chás seo, ní féidir ‘ui’ a léamh toisc nach bhfuil ding mar sin ag ceann an tríú minime. Is é sin le rá, ní féidir leis an tríú minim a sheasamh leis féin mar litir.

3 comments:

  1. De réir do mhínithe thuas, is é 'líud' an focal seo, measaim.
    Tá buillí an phinn ana-suimiúil. Tá beagnach gach litir nasctha don chéad litir eile gar dá bun.
    Ar scríobhtaí iad ó bharr go bun? Féach ar an nasc idir lár an 'i' agus lár an 'd'. Tá sé cúng agus níl sé léir domsa an raibh sé déanta i dtús nó sa deireadh nuair a bhí an scríbhneoir i mbun na litreach 'd'.
    Cén saghas pinn a bhí acu?

    ReplyDelete
  2. Tig leat an focal iomlán, "milliud", a fheiceáil sa teachtaireacht a tháinig roimh an gceann seo. Ní chiallaíonn an síneadh fada seo go raibh an 'i' fada. Bhí scríobhaithe ann a chuir síntí fada ar fud na háite. Ach is féidir gur chuir sé ann leis an litir 'i' a dhealú ón 'u'.

    Pinn chleite a d'úsáid siad, cleite gé de ghnáth. Le peann mar sin, ní mór don scríobhaí na stríoca a dhéanamh ó bharr go bun. Is suimiúil an 'd' anseo. Séard atá ann ná an litir 'a' le stríoc breise.

    ReplyDelete