Ní ar an iris atá an spotsolas anseo, áfach, ach ar an bhfocal féin, focal atá sa teanga le fada an lá. Tá seanfhocal againn a deir: Ná déan nós agus ná bris nós. Ach tig le naonúr nós a dhéanamh de réir Sanas Cormaic (ca. 900), más iad an naonúr ceart, agus is é sin bunús an fhocail. (Tá sanasaíocht eile in LEIA, ar ndóigh.)
970. Nós .i. nóe-fis .i. fis nōnbuir .i. trī rīgh, trī suid, trī hespaic, .i. sui litri 7 sui filidechta 7 sui bérlai fēine, 7 robādar uile ag dēnam ind tSenchusa Māir.
Nós,
is é sin: naoi-fhios,
is é sin: fios naonúir,
is é sin: trí rí, trí saoi, trí easpag,
is é sin: saoi litreacha (= eaglaiseach léannta)
saoi filíochta (ard-ollamh scoil filíochta)
agus saoi béarla féine (= breitheamh)
agus bhí siad uile ag déanamh an tSeanchais Mhóir (cnuasach an-tábhachtach de théacsanna dlí).
An bhfuil aon fianaise don scéal, a léigh mé áit éigin, go raibh lámh ag Pádraig Mac Calprainn sa ghnó sin?
ReplyDeleteFiú mura raibh an ceart aige, chaithfeá a shamhlaíocht a mholadh.
ReplyDeleteBhí Pádraig Naofa ar an bhfód cúpla céad bliain roimh thionscnamh na hoibre sin, de réir gach fianaise. Deirtear gur ghlac sé go toilteanach leis an gcuid sin den fhéineachas nach raibh bunoscionn le dlíthe na hEaglaise. Ní cuimhin liom an scéal go beacht anois, ach bheadh sé furasta é aimsiú. Níl ann ach scéal, áfach, ní stair. Ar an lámh eile, is dócha gur maith an meafar é scéal na dtrí fhoinse, .i. rí, saoi agus easpag.
ReplyDelete