12 Lúnasa 2009

suas sa spéir ag úrnaí



D'eitil leathchéad misteach agus raibithe eile os cionn Israel Dé Máirt, ag úrnaí go dian leis an víreas H1N1 a chloí sa tír sin. Bhain siad úsáid as adharcanna i measc rudaí eile lena n-aidhm a chur i gcrích. אױ װײ.

5 comments:

  1. Cheapfá go mbeadh Giúdaigh cheartchreidmheacha slán ó fliú na muc!

    Sin ráite, táim ag ceapadh go bhfuil an modh seo ar a laghad chomh heifeachtach céanna le roinnt de na rudaí eile atá ar bun chun cosc a chuir ar an bplá seo.

    Cabhraíonn Dia leo siúd a thugann aire dóibh féin, tar éis an tsaoil.

    Un az der Rebbe niesst.....

    ReplyDelete
  2. Tá rud deas amháin ag fliú na muc.

    De réir Roinnt na Sláinte Phoiblí, ní minic a thugann sé faoi dhaoine atá níos mó ná caoga bliana d'aois.
    Rud maith a bheith sean, sa chás seo.

    Seo chugaibh na huimhreacha, má tá suim agaibh ann. Tá graf maith i lár an leathanaigh.
    http://www.cdc.gov/h1n1flu/surveillanceqa.htm

    ReplyDelete
  3. Chonaic mé rud éigin mar sin ar an nuachtán cúpla lá ó shin.

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, ar thug tú faoi deara an fear óg gorm sa phictiúr? Tá spéaclaí gréine ar a cheann in áit kippah, más maith mo radharc. Ní mé céard a bhí ar siúl aige ar an eitleán sin?!

    ReplyDelete
  5. D'fhan na mná sa bhaile, is cosúil.

    ReplyDelete