01 Lúnasa 2009

mallacht


Seo líne as dán a luaitear le Diarmait mac Cerbaill. Tá sé sa lámhscríbhinn ar a dtugtar Leabhar Laighneach / Leabhar na Nuachongbhála / The Book of Leinster. Is ar éigean go bhfuil sé inléite, mar sin d'imlínigh mé na litreacha go mbeidís níos soiléire:



Bud nenaid cu brath a lucht!

Gura neantóga go brách a mhuintir!

I bhfocail eile, go raibh a theach agus a fhearann fás, gan de neacha beo ann ach neantóga. Pléigh mé an líne seo agus “trí comartha láthrach mallachtan” anseo tamall ó shin. Is é an líne a thagannn ina dhiaidh seo ná “cen tenid ar a primpurt” = “gan tine ar a phríomhphort”, .i. an dún is mó aige a bheith gan tine ar an teallach.

2 comments:

  1. An fíor gur in áitreabh daonna (reatha nó tréigthe) amháin a fhásann neantóga?

    ReplyDelete
  2. Fásann neantóga in áiteanna eile chomh maith abhus anseo, ar bhruacha na sruthán go háirithe, ach is cosúil gur maith leo fothraigh agus páirceanna tréigthe. Tá planda eascairdiúil eile a fhásann go rábach in áiteanna mar sin: an feochadán -- an Canada thistle (Cirsium arvense) sna bólaí seo. Mo sheacht mhallacht air!

    ReplyDelete