16 Lúnasa 2009

le scéal a chríochnú i gceart



Séard atá sa leabhar seo ná aistriúchán le léaráidí de pikva, scéal faoi chruthú an domhain, de chuid na ndaoine Karuk in iarthuaisceart Chalifornia. Tá sé i mBéarla ar fad, ach amháin an focal deireanach, kupanakanakana. Focal ársa é seo a úsáidtear i gcónaí le pikva a chríochnú.

Bhíodh “deilín” níos faide ná sin in úsáid sa sean-am. Seo leagan de ón seanchaí Margaret Harrie. An teangeolaí Jørgen Uldall a bhreac síos é thart faoin mbliain 1930. Tá grianghraf de Harrie thíos.

Kupánakanakana!
Cheemyâach ik ishyâat imshiríhraavish.
Náyaavheesh ik.
Cheemyâach ik ataychúkinach i'uunúpraveesh.
Náyaavheesh ik.
Nanivási vúra veekináyaach.

Kupánakanakana!
Drithligh, a bhradáin an earraigh, suas an abhainn.
Deifrigh chugam.
Drithligh, a lile ghorm, as an talamh.
Deifrigh chugam.
Tá mo dhromlach an-díreach.

Ní deilín gan chiall é seo. Bhíodh sé ina riail dhocht i measc na nIndiach ar fud Mheiriceá Thuaidh gan scéalta a ríomh ach amháin sa gheimhreadh. [Ceist: an raibh nós mar sin ann riamh i measc na nGael?] Chreid na Karuk go dtiocfadh an t-earrach -- agus na bradáin agus bia úr na talún -- níos sciobtha dá n-insídís a lán scéalta. Agus chreid siad go dtiocfadh cruit ar dhroim an scéalaí dá n-inseofaí an scéal go mícheart!



Is minic a chríochnaíonn -- nó a chríochnaíodh -- scéalta i nGaeilge mar seo:

Sin é mo scéal.
Sin é mo scéal anois daoibh.
Sin é mo scéal agus má tá bréag ann, bíodh.
Sin é mo scéal agus más bréag uaim é, ba bhréag chugam é, ní mise a chum ná a cheap.

Ach seo críoch i bhfad níos casta a chuir seanchaí Albanach leis an scéal An Ceatharnach Caol-Riabhach :

Is dhealaich mise riutha; is thug iad dhomh ìm air eibhleig is brochan càil air creileig, is brògan paipeir, is chuir iad air falbh mi le peileir gunna mhóir air rathad mór gloine gus an d'fhàg iad am sheasamh a stigh an seo mi.

Agus seo cúpla críoch an-chosúil leis sin ó dheisceart na Stát Aontaithe:

'Bout that time I stepped on a piece of tin, and it bent, and I skated on away from there. (Sara Hall)

And it was raining, and I had on my paper suit, and I made a short cut home as quick as I could. (J. D. Suggs)

An bhfuil nathanna mar sin cloiste agaibh i nGaeilge na hÉireann?

An seanchaí Bríd Costello

4 comments:

  1. Tá cuimhne éigin agam maidir le rann faoi scéalaíocht ó Samhain go Bealtaine, ach tá ag teip orm teacht air in áigéan mo leabhair.

    ReplyDelete
  2. Tá mearchuimhne agam ar an rud céanna. Níos mó taighde le déanamh!

    ReplyDelete
  3. Is ionann "scéal ó Shamhain go Bealtaine" agus scéal an-fhada. Is cuimhin liom anois gur thug mé an nath sin mar shampla anseo:

    http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/focal245.html

    ReplyDelete
  4. Uum vúra nik ta huntah'íshiip. Irish Karuk káru. Vaa vura koo fâat vúra panukyâavarihvuti: Pahûut míta nuchúupitihanik, vaa payêem kúkuum xas nupikyâavishpa. Yôotva. Suva nik.

    ReplyDelete