13 Lúnasa 2009

la cueillette des brimbelles



Rugadh is tógadh mo chara Max sna Vosges. Tá sé ar ais “sa bhaile” ar feadh cúpla seachtain anois. Nós sean-bhunaithe ag na Parisiens an chathair a thréigean i Mí Lúnasa, tá's agaibh. Fuair mé an ghrianghraf seo uaidh ar maidin leis an teideal “cueilette des brimbelles”, focail a chiallaíonn “cnuasach na bhfraochán”. Is focal canúnach é brimbelle. Myrtille a deirtear i bhFraincis chaighdeánach, ach amháin abhus anseo i Meiriceá Thuaidh mar a deirtear bluet. Sin é an focal Québecois a fheictear ar na pacáistí. Fásann a lán LÁN fraocháin sna bólaí seo agus théann cuid acu go Ceanada. Bíonn na lipéid dátheangach de ghnáth dá bhrí sin. (Bíonn lipéid thrítheangacha ar a lán rudaí eile -- pacáistí scriúnna cuir i gcás -- a théann go Ceanada agus go Meicsiceo.)

2 comments:

  1. Tá "bilberry, whortleberry" i bhFoclóir Uí Dhónaill san iontráil i ndiaidh an cheannfhocail "fraochán".

    An ionann 'bilberry, whortleberry' is 'blueberry' sa Bhéarla?

    ReplyDelete
  2. Bhuel, níl aon fhocal eile agam. Tabhair faoi deara go dtugaimid "huckleberry" ar na cineálacha éagsúla Vaccinium a fhásann sna sléibhte agus sna foraoisí sa cheantar seo. Tá Vaccinium ovatum agam taobh thiar den teach. Bilberry a thugtar ar V. myrtillus san Eoraip. Is "blueberries" iad uilig dar liomsa. Nó fraocháin. Nó blaeberries más Albanach thú. Nó "shot ollalie" i Chinuk Wawa (ó bhí tagairt di ar Old-Irish-L le déanaí). ;-)

    ReplyDelete