29 Lúnasa 2009

téacsáil is tionóiscí bóthair



Is ionann tiomáiní atá ag téacsáil agus tiomáiní ólta de réir an dlí in Utah anois. Mharaigh an fear thuas beirt fhear i gcarr eile le linn dó a bheith ag téacsáil. Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i Mí Bealtaine a ghearrann píonós trom ar aon téacsálaí atá taobh thiar den roth stiúrtha nuair a bhuaileann a charr le carr eile, píonós chomh trom leis an gceann a ghearrtar ar thiománaí ólta: suas le cúig bliana déag i bpríosún. Is mithid é!

3 comments:

  1. Meas tú an mbeidh toradh air? Abhus, tá sé in ainm is a bheith in aghaidh an dlí fón póca a bheith in úsáid agus tú ag tiomáint - níl cead lámh a bheith air. Ach feicim fós tiomáinaithe go minic le gútháin ina lamha nó ag cluas.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Tá sé sin in aghaidh an dlí anseo i Stát Washington freisin. Ach is coir thánaisteach (secondary offense) abhus é. Is é sin le rá, má stopann garda thú toisc go ndearna tú rud éigin eile cearr -- tiomáint ró-luath cuir i gcás -- tig leis fíneáil bhreise a ghearradh ort as úsáid an bhfón póca. Dlí an-lag atá ann. Ach beidh sé ag athrú roimh i bhfad.

    ReplyDelete