30 Lúnasa 2009

cros aisteach


Tá an chros seo greanta ar lia atá in luí i seanreilig i mBaile an tSagairt i gCo. Chiarraí. Tá dhá inscríbhinn oghaim air freisin. Is neamhghnách an lia é seo toisc go bhfuil beirt “úinéirí” luaite air.

TRIA MAQA MAILAGNI || CURCITTI

Is le triúr mhac Mhaoláin an lia seo.
Is le Cuircthe an lia seo.



Ach is é an rud is mó a tharraing mo shúil air ná an chros. Tá ceithre ghéag inti ar nós chuile chrois eile. Ach céard go díreach a fheiceann muid ag ceann na ngéaga? An duine atá ann, stick figure ina sheasamh le dhá lámh móra? Éan le sciatháin leata agus eireaball tríchleiteach? Colm? Cuireann an íomhá seo petroglyphs ó Mheiriceá Thuaidh -- de dhaoine agus d'éanacha -- i gcuimhne dom.

10 comments:

  1. Is cinnte go bhfuil scéal spéisiúl ag baint leis.

    Tá leabhar siombail agam, ach níl an ceann seo ina measc. Is iomaí cló ar an gcros.

    Meas tú an cloch teorainn atá ann, seachas cloch cuimhne?

    ReplyDelete
  2. Tá tagairt anseo a deir gur siombail Íoslannach do deireadh coimhlinte atá i gceist, ach tá an nasc briste.

    http://www.irishmegaliths.org.uk/kerry.htm

    ReplyDelete
  3. Tá amhras ag teacht orm faoin léamh sin. Níl mé in ann teacht ar foinse don siombail sin, agus tá roinnt tagairtí a fhágann go bhfuil na siombail Íoslannacha seo i bhfad níos déanaí.

    Ach bhí Lochlannaigh sa cheantar, agus d'fhág siad a lorg ar na logainmneacha - Baile na nGall, Gallarus (= Gall Iorras), Smerwick (Cuan an ime - Cuan Ard na Caithne atá air i nGaeilge)

    ReplyDelete
  4. Deacair a rá céard atá ann, a Dennis, mar nílim eolach ar an ábhar seo, ach tá a fhios agam an méid seo - cheap mé féin gur ulchabhán a bhí tarraingthe agat nuair a chonaic mé an chéad léaráid...:-)

    ReplyDelete
  5. De réir Macalister, bhí an áit ina bhfuil an lia seo agus ocht gceann eile cosúil leis ina luí anois ina reilig i bhfad ó shin. Is dócha, más fíor dó faoi sin, gur leac thuama atá ann. Maidir leis an gcros atá air, shíl Macalister gur greanadh a lán de na crosa atá le feiceáil ar liaga agus ar ghalláin anois na blianta fada tar éis na n-inscríbhinní oghaim. Ní dóigh le McManus (údar _A Guide to Ogam_) gur mar sin a bhí sé i gcónaí, ach is féidir gurb é sin a tharla sa chás seo, agus gurbh iad na Lochlannaigh a chuir an íomhá seo ar an gcloch céad nó dhó níos déanaí. Go raibh maith agat as an leid!

    ReplyDelete
  6. Maidir leis an íomhá "end strife", fuair mé í in éindí le trí cinn déag eile anseo:

    http://www.sunnyway.com/runes/warrior.html

    Is "galdrastafir" iad de réir údair an leathanaigh sin, ach níl a fhios agam an údar é a bhfuil údarás aige!

    ReplyDelete
  7. Tá m'amhras ag fás. Feictear dom gur nós nua, bréag draíochta atá i gceist ina lán cásanna anseo. Níl tagairt le fáil ar aon leathanach a bhfuil cuma dáiríre air faoi.

    Fuair mé an páipéir seo, a chuireann le m'amhras.

    http://www.arts.usyd.edu.au/departs/medieval/saga/pdf/252-mcleod.pdf

    ReplyDelete
  8. GRMA arís, a Aonghuis. Thug mé an nasc sin do na daoine a léann Old-Irish-L.

    ReplyDelete
  9. Seo foinse eile.
    http://www.scribd.com/doc/15755566/Galdrabok

    Má thuigim i gceart é, is san 17ú aois a thosaigh an nós seo san Íoslainn. Sin an-mhall.Ach tá tagairtí do thréimhsí níos luaithe.

    Bheadh duine éigin le Íoslainnis úsáideach sa chás seo, feictear dom.

    ReplyDelete
  10. Sin foinse luachmhar eile. Is ón 17ú aois do na leabhartha áirithe seo, ach is cosúil go bhfuil cuid dá bhfuil iontu i bhfad níos sine, má léim Flowers i gceart.

    ReplyDelete