10 Lúnasa 2009

Celtic mystique



Dúirt mé go mbeadh níos mó le rá agam maidir leis na focail Ghaeilge a chuala mé sa scannán G.I. Joe inné. Mar is iondúil i scannán mar seo, bíonn bad guy fuarchúiseach ar nós Dr. NoAuric Goldfinger ann i gcónaí: James McCullen Destro XXIV (Christopher Eccleston) sa chás seo. Is Albanach é. Ag pointe amháin sa scéal tá Ripcord (good guy) ag píolótáil scairdeitleáin a ghoid sé ó MhcCullen. Níl Ripcord ró-eolach ar an eitleán agus tá sé ag caint le Scarlett (good guy) ar an raidió. Tá gníomhachtúchán gutha san eitleán seo, ach ní thuigeann sé Ripcord. Is eolaí í Scarlett agus deir sí (go loighciúil, mar dhea) gurb é “Celt” a thuigfeadh an t-eitleán ós Albanach é McCullen. Tá Ripcord ag iarraidh diúracán a bhfuil sé sa tóir air a scriosadh. Ní oibríonn an focal “Fire!” ... ná “Bust a cap!” ach oiread. (Fear gorm is ea Ripcord.)

Scarlett: Try “teine”.
Ripcord: What?
Scarlett: It's Celt, Scottish, for “fire”.

(Fuair mé an méid sin ón script, a bhuí le Mike. Séard a chuala mé, áfach, ná tah-HAYN.)

Beagáinín ina dhiaidh sin, is éigean do Ripcord an t-eitleán a thréigean. Seo Scarlett ar an raidió arís:

Eject, Ripcord, eject! [enunciating] Cur magh!

:-)

7 comments:

  1. Nó fiú Gaidhilg a chodail amuigh.

    An ionann "Cur magh" agus urlacan?

    ReplyDelete
  2. Sin an smaoineamh ceannann céanna a rith liom féin, a Aonghuis...:-)

    ReplyDelete
  3. Go díreach:

    cur amach (síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cur amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach).

    ReplyDelete
  4. Alors, tiens! Elle n'est pas la francais?

    ReplyDelete