Is cosúil nach bhfuil aon Ghaeilge ar apotropaic, ach is é sin an aidiacht a thoghfainn leis an bpíosa seo a mhíniú. Is claí é, déanta as focail, fite go dlúth, cuid de lúireach Shean-Ghaeilge:
náram·gonat fir, náram·millet mná
Nár ghoine fir mé, nár mhille mná mé!
Dála an scéil, cuireann na stríoca seo táibléad dingchruthach i gcuimhne domsa:
Lámhcríbhinn an-deas, a Dennis. Feicim go bhfuil séala breá agat chomh maith. An ndearna tú féin é?
ReplyDeleteMaidir le 'apotrope', chuaigh mé i gcomhairle le Foclóir L. McCionnaith (1935) agus chonaic rud suimiúil --
"charm away, cast evil eye on etc. tnúthfaidh sí an t-im den chuinneoig (U); cad chuige nach dtáinig im air? Ar ndóin thnúth sí orm é (U)"
Níl ciall mar sin le 'tnúth' i bhFoclóir Uí Dhónaill ná i bhFoclóir Uí Dhuinnín.
(Bhí mé i mbun scrúdú VED gach oíche thar an tseachtain ar fad, agus táim réidh leis anois, buíochas le Dia!)
Faisnéis faoin scrúdú seo, má tá suim agat ann -- http://www.aahivm.org/index.php?option=com_content&task=section&id=6&Itemid=129
Nó i bhfocail eile, "she will 'envy' an t-im den chuinneog." An-suimiúil!
ReplyDeleteMaidir le "apotropaic", bheinn ag súil le focal ar nós "coscúil" nó "coisciúil" len é sin a aistriú, ach is cosúil nach ann do cheachtar acu. B'fhéidir gur cheart "cosc" a úsáid sa ghinideach ina leaba sin: "ortha choisc", mar shampla?
Nach bhfuil baint ag an bhfocal "lúireach" féin le "apotropaic"?
ReplyDeletePé scéal é, is maith liom na móitífeanna ealaíonta ded' chuid. D'fhéadfá iad a theaglamú agus teaspántas a reáchtáil am éigin amach anseo de réir an mana: cruth teibí, doimhneacht na brí.
Is fíor duit, is paidir apotropaic í an lúireach (ó "lorica" na Laidine), ach ní dóigh liom gur féidir aidiacht a dhíorthú ón ainmfhocal seo.
ReplyDeleteGo hálainn, Dennis. Comhghairdeas chugat óm chéile. Í an-tógtha, freisin, leis an scuaibín a bhí in úsáid agat.
ReplyDeleteCé acu is measa, a fheara - an ghoin nó an milleadh!
ReplyDelete