10 Lúnasa 2009

leabhragán


Seo mise le Nick agus an leabhragán a rinne sé agus a cheannaigh mé uaidh. Táimid ar tí é a chur sa trucail. Chlúdaigh sé an leabhragán, ceann saor, le seanléarscáileanna. Découpage a thugtar ar an ealaín seo, de réir Nick. Chríochnaigh sé a chéim M.A. an bhliain seo agus beidh sé ina chónaí sa Bhulgáir an bhliain seo chugainn. Ní féidir leis a chuid troscáin a thabhairt leis agus thaitin an píosa seo liom.

Ceist agam oraibh anois: cad as don “-agán” san fhocal “leabhragán”?

3 comments:

  1. Tháinig mé trasna ar "A Dhoireagán, a Dhoireagán" i seanchas de chuid Phadraig Mac an Luain as na Crucha Gorma. Seanchas a bhain le Naomh Cholm Cille agus é ag déanamh trácht ar Dhoire.
    Shíl mise i gcónaí gur iarmhír ceana a bhí i gceist, níl fhios agam cén bunús atá leis, áfach!

    ReplyDelete
  2. Cuireann sé sin "Íosagán", an gearrscéal leis an bPiarsach, i gcuimhne domsa. Is dóigh liom gur leagan hypocoristic -- díspeagadh -- atá i gceist san ainm sin. Nach gciallaíonn "a Dhoireagáin" "oh (sweet) little grove" nó rud éigin mar sin? Bhí an iarmhír -ocán / -ucán sách coitianta sa tSean-Ghaeilge:

    Cíarán ~ Cíarocán

    a maccáin ~ a maccucáin (sa ghairmeach)

    Ach níl a fhios agam an mbeadh aon chiall leis an iarmhír sin ar an bhfocal "leabhar". Ní hionann "leabhragán" agus "leabhrán".

    ReplyDelete
  3. Muise, nach bhfeiceann tú go bhfuil na leabhair gann?

    ReplyDelete